Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fós den tuairim gur ar an Roinn a thiteann an fhreagracht as an bpraiseach seo mar tá fórsa dlí leis na pleananna teanga agus is léir go ndearna an Roinn plean teanga agus nach raibh sí sásta é a chur i bhfeidhm. Ní chuirim milleán ar bith ar na heagraíochtaí atá linn inniu as an treoir a bhfuair siad ón Roinn a leanúint. Dúirt mé ag an gcruinniú deiridh gur chreid mé gur leis an Roinn an argóint ar fad a bhí againn. Bhí mé ag éisteacht le cuid den díospóireacht thuas. Ar chuala mé i gceart nach bhfuil ach 70% de na logainmneacha i nGaeilge ag an gcóras?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.