Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 July 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)
Mr. Liam Irwin:
Bheadh ainm na príomh shráide i nDaingean Uí Chúis ann sa Ghaeilge ach bheadh leagan Béarla ann freisin, is é sin Main Street, Dingle. Is é an scéal céanna i leith Thrá Lí, atá lasmuigh den Ghaeltacht. Bheadh idir Shráid an Chaisleáin agus Castle Street in English ann.
Is ag teacht ó GeoDirectory atá an dualgas atá orainn na seoltaí go léir a bhailiú, a chur isteach i database agus iad a thabhairt do gach aon duine, go mór mór An Post agus Capita. Is é sin an dualgas atá orainne iad a bhailiú, a cheartú agus a chur ar fáil.
No comments