Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 July 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ní dóigh liom go bhfuil an tuiscint cheart ag Cyril McGrane ó thaobh a chuid dualgas. Is é sin an fhadhb. Críochnóidh mé. Ligfidh mé mar sin é.
Tá ceist agam d'Alan Dignam. Rinneadh sáriarracht ráiteas tosaigh a thabhairt dúinn i nGaeilge ach níl a fhios agam cé a rinne nó a d'aistrigh é. Tá sé deacair an leagan Gaeilge a thuiscint. Níl a fhios agam cad atá tarlaithe. Tá cuid aige measctha suas. Níl sé ag cur le soiléireacht. Is é Alan Dignam stiúrthóir commercial Capita Business Support Services, an ea? Tá an conradh Eircode ag an gcomhlacht sin. Dúradh sa ráiteas scríofa "tá gach suíomh Eircode ar fáil as gaeilge". Ag an bpointe seo, géillfidh mé. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais níos déanaí. Tá sé deacair leis an nGaeilge.
No comments