Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé deacair toisc go bhfuil an dá theanga i gceist agus tá ráiteas i nGaeilge agus ráiteas eile i mBéarla. Tá an chuma ar cheann amháin de na ráitis gur Google Translate a úsáideadh, ach b’fhéidir go bhfuil mé ró-shoiniciúil. Tá sé deacair é seo a thuiscint.

Leanfaidh mé orm leis an gCoimisinéir Teanga agus baineann an méid a dúirt sé le An Post. Tá mé chun díriú isteach arís ar an dualgas atá ar An Post. Is cuma liom cé atá chun an an cheist a fhreagairt:

Cé gur léir dom go bhfuil iarracht déanta ag an Roinn Comhshaoil ... teacht ar réiteach sa chás seo trí iarracht a dhéanamh iachall a chur ar an bPost [so tá An Post faoi scrúdú anseo] a bhunachar sonraí seoltaí a leasú, ionas gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm Gaeltachta ábhartha, is léir nár eirí leis na hiarrachtaí sin.

An féidir leis na finnéithe freagra a thabhairt ar an gceist seo? Na blianta 2020 agus 2021 atá i gceist. B’fhéidir go bhfuil gach rud i gceart anois. B’fhéidir nach bhfuil an ceart agam. B’fhéidir go bhfuil rudaí ceartaithe ach níl a fhios agam. Tá sé seo dírithe ar An Post.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.