Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim é sin agus léigh mé go sonrach na ráitis tosaigh, ach tá mé ag breathnú ar Tuarascáil Faireacháin-Monitoring Report 2020 2021 an Choimisinéir Teanga. Tá sé ráite ann, agus ní bhaineann na finnéithe leis an Roinn ach tiocfaidh mé chucu:

...thug an Roinn le fios go raibh cúrsaí ag bogadh ar aghaidh leis an uasdátú ar na bearnaí [so tá bearnaí] sna leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta atá sa bhunachar sonraí ar a bhfuil an córas Eircode ag brath. Cé gur léir dom go bhfuil iarracht déanta ag an Roinn Comhshaoil ... [agus leanann sé ar aghaidh leis an teideal] teacht ar réiteach sa chás ... trí iarracht a dhéanamh iachall a chur ar an bPost [so iachall a chur ar na finnéithe] a bhunachar sonraí seoltaí a leasú, ionas gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm Gaeltachta ábhartha, is léir nár éirí leis na hiarrachtaí sin.

Sin an Coimisinéir Teanga ag rá go bhfuil dul chun cinn ach gur léir nár éirigh leis na hiarrachtaí sin. Tá an dualgas ar na finnéithe go mbeadh an bunachar agus na seoltaí a bhaineann leis an nGaeltacht trí Ghaeilge. An féidir leis na finnéithe sonraí a thabhairt dom maidir leis an dul chun cinn agus cé mhéid dul chun cinn eile atá ag teastáil? Tá dualgas reachtúil i gceist anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.