Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil ardmheas agam ar an méid oibre atá á dhéanamh ag An Post. Is seirbhís iontach í An Post agus gabhaim buíochas leo siúd a bhí páirteach as an obair a rinneadh le linn na paindéime. Is deas na finnéithe a fheiceáil os ár gcomhair inniu.

Baineann ceist an lae inniu le seoltaí trí Ghaeilge. Is é an Coimisinéir Teanga a d’ardaigh an cheist seo linn agus sa tuarascáil a chuir sé os comhair na Dála. Tuigim an pointe a rinne Alan Dignam go bhfuil an fhreagracht ar an Roinn go huile is go hiomlán ó thaobh an dualgais. Aontaím leis agus tá sé ráite go soiléir ag an gcoimisinéir, ach táimid anseo inniu le fáil amach cén dul chun cinn atá déanta. Ní mór dom a rá go bhfuilim beagáinín measctha suas. Má tá mé féin measctha suas, ní féidir liom é a mhíniú do dhaoine ar an talamh. An bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh na gceart atá ag gach duine atá sa Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge aige no aici na seoltaí a bheith i nGaeilge? Ní ceist chasta í seo. Tá sé suntasach gur ar an lá seo seacht mbliana ó shin, ag dul siar go 2015, a sheol an tAire ag an am, Alex White, an córas nua seo. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, táimid fós i mbun oibre chun a fháil amach an bhfuil na cearta bainte amach.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur "léirigh imscrúdú a chuir m'Oifig i gcrích i 2015 gur sháraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an dualgas reachtúil teanga maidir le cur i bhfeidhm a scéime teanga". Sháraigh an Roinn - ní na finnéithe - an dlí ach tá ról lárnach ag na finnéithe ann. Ina thuarascáil, leanann an coimisinéir ag cur in iúl dúinn na fadhbanna agus an chumarsáid a bhí aige leis an Roinn. Chuir sé próiseas faireacháin ar siúl freisin. De réir mar a thuigim, agus b’fhéidir go bhfuil mé mícheart, níl mórán dul chun cinn déanta fós. Tá na finnéithe os comhair an choiste anois agus ba mhaith liom mo thuiscint a dheimhniú.

Tá An Post agus OSI anseo, agus tá an comhlacht GeoDirectory ann. Faoi sin tá conradh príobháideach leis an gcomhlacht a bhaineann le Alan Dignam. An é sin an fráma? Tá na finnéithe ag rá nach bhfuil freagracht ar bith orthu ach is ar an Roinn atá sé. Bhí an Roinn i dteagmháil leo le seacht mbliana anuas, agus i ndáiríre roimhe sin ó 2008, ach ní bhaineann sé sin leis na finnéithe. Ó 2015 go dtí an lá inniu, bhí an Roinn i dteagmháil leo go minic ó thaobh chearta bunúsacha an duine go mbeadh na seoltaí i nGaeilge. Tá na finnéithe i mbun bunachar sonraí GeoDirectory. An bhfuil na fadhbanna a bhaineann leis an mbunachar sonraí réitithe? An bhfuil na seoltaí i nGaeilge anois? An bhfuil an fhadhb réitithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.