Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceithre chomhalta i láthair agus Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Feicim go bhfuil an Teachta Marc Ó Cathasaigh ag teacht isteach go fíorúil. Liom anseo sa seomra tá an Seanadóir Niall Ó Donnghaile agus an Teachta Catherine Connolly. Táimid ag tnúth le cúpla comhalta eile. Níl leithscéal ar bith faighte againn.

Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an choiste agus na comhaltaí eile nach baill den chomhchoiste iad atá le teacht isteach fós, agus dár ndóigh roimh na finnéithe atá anseo linn inniu freisin. Gan iad, bheadh sé deacair an obair seo a dhéanamh. I dtús báire, cuirim fáilte roimh Dara Keogh, príomhfheidhmeannach, agus Liam Irwin, cathaoirleach GeoDirectory; Cyril McGrane, stiúrthóir um thrádáil idirnáisiúnta do ghnó poist agus beartán, An Post; agus Alan Dignam, stiúrthóir tráchtála Eircode. Gabhaim buíochas leo as teacht anseo agus as ucht bheith linn ag an gcruinniú inniu. Tá na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Caithfidh mé dul tríd roinnt rialacha sula thosaímid ar an ngnó ceart.

Déanfaimid ár mbreathnú ar an bhforáil dhlithiúil go n-úsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta. Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe, do bhaill fhoirne agus don lucht féachana a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste mar atá á dhéanamh ag cuid acu cheana féin, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna gcuid oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin da mbeadh siad anseo go fíorúil ach tá na finnéithe go léir sa seomra cruinnithe inniu. Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal trí Microsoft Teams cinnte a dhéanamh de go bhfuil an micreafón múchta acu nuair nach bhfuil siad ag labhairt linn sa choiste.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe chomh maith go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt. Molaim d'fhinnéithe, go mór mhór iad siúd atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh, nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin. Tá rialacha an chruinnithe léite agam. Feicim go bhfuil an Seanadóir Seán Kyne linn anois go fíorúil. Anois, tosóimid ar ghnó an lae inniu. I dtús báire, iarraim ar Dara Keogh nó Liam Irwin labhairt os comhair an chomhchoiste thar cheann GeoDirectory.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.