Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Gr?inne N? Mhuilneoir:

Ó thaobh na gclosleabhar de, tá sé i bhfad níos costasaí i nGaeilge mar téann níos mó eagarthóireachta isteach ann. Tá an eagarthóireacht sin an-tábhachtach, idir eagarthóireacht téacs i dtosach, rud atá costasach, agus eagarthóireacht fuaime. Is gá go dtuigfidh an duine sin Gaeilge freisin. Dúinne i gCois Life, bhí sé costasach fiú closleabhar a bhí le cur amach ar líne a dhéanamh. An t-aon fáth go raibh sé indéanta ná gur cuireadh isteach ar airgead ón gComhairle Ealaíon agus go bhfuarthas sin. Murach sin, ní fhéadfaí é a dhéanamh. Bhí sé costasach.

Ní dóigh liom go mbeidh siopaí fisiciúla leabhar ag dul i ngleic le ríomhleabhair mar, go bunúsach, is Amazon atá taobh thiar den ghnó sin agus téann an t-airgead chucusan. Ní bheadh aon spéis agam tacú leis sin agus shamhlóinn nach mbeadh spéis ag mórán siopaí neamhspleácha plé leis ach an oiread. Bheadh sé i bhfad ródheacair ár gcóras féin a bhunú mar is a leithéidí siopaí Kindle agus mar sin de a úsáideann an t-úsáideoir. Baineann sé le cad atá i gceist ag an úsáideoir agus cad an bealach is éasca. Sin an bua atá Spotify ach tá tú fós ag caint faoi chomhlacht mór idirnáisiúnta. Sin a tharlódh le haon soláthar ábhar digiteach. Is iad na comhlachtaí móra idirnáisiúnta a chumann an córas agus ansin caithfidh muidne rith leis agus féachaint cad is féidir a dhéanamh. Ní bheadh aon spéis agamsa plé leo.

Mar gheall ar chlosleabhair, is dócha gur rud éigin digiteach a bheadh ann. Táimid an-tógtha ag rá gur cheart aip nua a bhunú ach an fhadhb leis sin ná go bhfuil ceist na poiblíochta fós ann, sé sin, an féidir an scéal a scaipeadh mar gheall ar an aip sin. Tagann daoine isteach chuig An Siopa Leabhar an-mhinic ag moladh gur cheart go mbeadh X, Y, Z nó A, B, C, D na Gaeilge ann agus deir muid leo gur ann dó cheana féin. Tá daoine ag tabhairt amach dúinn mar gheall ar rud “nach bhfuil ar an margadh”, atá ann ach nach bhfuil siad eolach air. Sin mar go bhfuil an bhearna eolais chomh mór sin fiú i measc phobal na Gaeilge, gan trácht ar mhargadh na tíre. Shamhlóinn go mbeadh sé i bhfad ródheacair an scéal a scaipthe mar gheall ar chóras iomlán nua. Tá córas lárnach ann cheana féin so bheadh gá dul i ngleic leis an gcóras sin níos mó ná ceann nua a chruthú.

Tacaím leis an méid a dúradh faoi phoiblíocht. Is droch-chomhartha é amach is amach mura bhfuil muidne, mar cheann de na siopaí leabhar Gaeilge is mó sa tír, ag fáil aon eolas ó na foilsitheoirí Gaeilge. Bheinn lán-chinnte nach raibh éinne eile ag fáil eolais. Tá sé sin pléite agam leis na foilsitheoirí ceann ar cheann ó thosaigh mé sa siopa, ar bhealaí éagsúla. Tá siad ag éirí níos fearr ónár dtaobh de. Táthar ag teacht i dteagmháil linne agus tá cúpla póstaer faighte againn ach sin toisc gur chuir mé ceist. D’fhiafraigh mé an raibh póstaeir ar fáil. Fiafraím agus iarraim orthu rudaí a chur ar aghaidh chugam má tá siad ar fáil. Fiú le déanaí, tháinig foilsitheoir amháin i dteagmháil linn mar gheall ar leabhar amháin atá ag teacht amach agus rinne siad neamhaird iomlán ar leabhar eile atá amuigh cheana féin. Ní raibh mé ar an eolas faoin leabhar sin go dtí go bhfaca mé ar liosta Áis é agus dúirt Áis liom go raibh sé ar fáil. Sin an difríocht. Tá muidne, mar shiopa leabhar Gaeilge, ag feidhmiú sa phobal sin agus ag feidhmiú leis an bhfeidhm sin so ní fheiceann muidne na fadhbanna céanna. Tá an t-am agam dul trí liosta Áis mar nach bhfuil mé ag plé leis na foilsitheoirí Béarla. Níl mé sa mhargadh sin. Tá buntáiste ansin domsa mar bhainisteoir le Gaeilge i siopa Gaeilge ag díriú air sin. Is féidir liomsa an fuinneamh sin a chaitheamh. Dá mbeadh orm siopa Béarla agus Gaeilge a bhainistiú, bheadh ganntanas ama agam mar ní fhéadfainn suí síos agus breathnú trí liosta mór rudaí le fáil amach cad atá ag teacht. Tá an easpa teagmhála sin ann le blianta. Tá mé i ndiaidh é seo a lua le daoine cheana féin. Tá forbairtí déanta. Tá sé de bhuntáiste againn a bheith i lár na cathrach. Tá LeabhairCOMHAR agus An Gúm in aice linn, ar bhealach. Táimid in ann cuireadh a thabhairt d’údair theacht isteach ach tá seans go dtógfaidh sé sin cúpla mí. Le déanaí táimid ag iarraidh ar údair a theacht isteach fiú gan aon imeacht a dhéanamh, díreach le cúpla leabhar a shíniú le go bhfaighimid pictiúir do na meáin shóisialta agus gur féidir linn rá le daoine go bhfuil cóipeanna sínithe againn má tá siad ag iarraidh bualadh isteach. Cruthaíonn sé sin an comhrá leis an údar. Tá muidne ag obair air sin ach sin trí theagmháil dhíreach leis na daoine sin toisc go bhfuil an caidreamh sin againne leis na foilsitheoirí, go pointe. Ní dóigh liom go bhfuil an caidreamh iomlán ann.

Aontaím go bhfuil na siopaí mar chuid den phoiblíocht sin agus go bhféadfaí a bheith i bhfad níos mó. Na rudaí is mó a dhíolann leabhair dúinne ná má luaitear rud in The Irish Times, ar “Nationwide” nó ar cheann de na bealaí móra Béarla atá ann le scéal a scaipthe. Phléasc an díolachán dúinne dhá bhliain ó shin nuair a luadh leabhar Gaeilge ar an “Late Late Toy Show”. Ní hé gur mór an lua a bhí ann ach an oiread. Ní raibh ann ach nod ach tharla go raibh an leabhar againn sula raibh sé ag an-chuid siopaí eile mar go raibh muidne tar éis éisteacht leis an bhfoilsitheoir agus an saothar a ghlacadh isteach. Ní raibh sé ag daoine eile ach labhair muid leis na foilsitheoirí.

Tá ganntanas léirmheasanna ann, mar a léiríodh os comhair an choiste seo cheana féin. Chuige sin, bheadh drogall orm aon léirmheasanna cáinteacha a scríobh, cé go bhfuil neart a d’fhéadfainn a cháineadh mar gheall ar chuid de na hábhair atá ag teacht amach. Tá drogall ar dhaoine léirmheasanna den chineál sin a scríobh anois, rud nach mbíodh fíor. Bíodh muid i bhfad níos sásta dul i ngleic leis an gceist sin sna 1980aidí agus níl sé sin ann anois. Tá sé deacair léirmheas maith a aimsiú na laethanta seo, go minic. Tá an-chuid moladh ann agus an-chuid plé faoin bplota, b’fhéidir, ach níl mórán faoin stíl nó faoin gcaighdeán foilsitheoireachta nó scríbhneoireachta nó líon na mbotún cló atá sa saothar fiú. Chuige sin, tá maoiniú ag teastáil le fanacht leis na hirisí mar atá agus le forbairt a dhéanamh orthu, sé sin Comhar, Feasta, nó An Timireféin. Ní hamháin gur gá forbairt a dhéanamh ar na hirisí fisiciúla ach níos mó a dhéanamh ar líne chomh maith. D’fhéadfaí go bhfuil bealaí le léirmheasanna a chur ar fáil ar líne agus daoine a thabhairt ar bord a dhéanfaidh léirmheasanna maithe, daoine a bhfuil eolas acu ar an réimse le gur féidir léirmheas ionraic a chur amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.