Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Gr?inne N? Mhuilneoir:

Is cinnte go dtarlaíonn na rudaí a luaigh tú leis na téacsleabhair. Bíonn moill orthu agus téann rudaí as cló. Bíonn leabhair ar fáil go pointe éigin agus díoltar amach iad. Bíonn scuaine leabhar agus caithfear 40 nó suas le 100 leabhar a chur i gcló arís. Faoi láthair, táimid ag fáil scéalta ó CJ Fallon á rá go mbeidh leabhair ar ais ar an dáta seo agus mar sin de. Bímid ag coinneáil súil ar an eolas sin. Is ceist é sin do na foilsitheoirí oideachais. Is cinnte go dtarlaíonn an fhadhb sna siopaí, is é sin go mbíonn daoine ag fanacht le hábhar.

Is é an dara chuid den cheist ná easpa soláthair ar an téacsleabhar féin. Bíonn an leabhar ar fáil i mBéarla go han-mhinic agus ní bhíonn aon leagan Gaeilge ar fáil. Go bhfios domsa, is iad CJ Fallon, Edco, An Gúm, agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a bhíonn ag plé lena leithéid. Teastaíonn am agus airgead chun na haistriúcháin a dhéanamh. Is aistriúcháin iad. Ní hé go scríobhtar na leabhair seo i nGaeilge ar an gcéad lá, de ghnáth. Teastaíonn acmhainní chun iad a chur ar fáil ar an margadh. Bíonn fanacht ann agus, fós, tá sraitheanna nach bhfuil críochnaithe fós. Is dócha gur mar sin a mhairfidh sé, má thagann athrú eile fós ar an gcuraclam, go bhfágfar leabhair atá as dáta agus go mbeidh codanna de shraitheanna nach bhfuil in úsáid níos mó fágtha ar sheilfeanna éagsúla na tíre seo.

Is deacra dúinn leabhair scoile a chur ar ais nó mar a bhíonn sé le leabhair fhilíochta. Má tá stoc ard againn le rud atá imithe as dáta, ní féidir linn fáil réidh leis, ach sa bhliain inar cheannaíomar é. B'fhéidir go bhfuil dul amú iomlán orm ach is é an chaoi go n-oibríonn sé dúinn ná go mbíonn aschur amháin sa bhliain ar na leabhair scoile agus caithfidh gurb iad na leabhair a cheannaíomar an bhliain sin a chuirimid ar ais.

Is é closleabhar an focal a bheadh agamsa ar audiobook. Tagann daoine isteach chugainn á lorg go cinnte ach ní thagann gach duine isteach ag lorg an ruda chéanna. Tá taithí agam air seo. Bhínn ag plé le Cois Life, an teach foilsitheoireachta, nuair a bhí sé fós ar an bhfód agus rinne Cois Life cuid mhór den mhéid atá ar fáil, is é sin sé chlosleabhar nó seacht gclosleabhar. Fuarthas maoiniú ón gComhairle Ealaíon leis iad a thaifeadadh agus a scaipeadh ar líne, ar Soundcloud, nó ar bhealach eile. Ní raibh dlúthdhioscaí déanta. Rinneadh dhá sheit dlúthdhiosca agus bhí siad iontach costasach le déanamh agus bhí an taifead an-chostasach agus an eagarthóireacht fuaime an-chostasach. Bhí constaicí roimh níos mó a dhéanamh.

Is cinnte go dtagann custaiméirí isteach á lorg ach ní bhíonn siad i gcónaí ag lorg an ruda chéanna. Tá daoine áirithe ag lorg dlúthdhioscaí agus tá daoine eile ag iarraidh iad a aimsiú ar leithéid Audible ar líne ar le Amazon é, ach b'fhéidir nach bhfuil siad ar an eolas faoi sin nó nach bhfuil siad ag iarraidh tacú le Amazon ar chúiseanna pearsanta. Tá daoine ag lorg, go fíorannamh, cóip fhisiciúla freisin gur féidir leo éisteacht leo. Tá neart bealaí éagsúla go bhféadfaí é sin a bheith ag teastáil ó dhaoine. Tá margadh níos mó ann le haghaidh dlúthdhioscaí ná mar a shíltear. Tagann daoine isteach i gcónaí ag lorg rudaí ar dhlúthdhioscaí agus bíonn díomá orthu leis na leabhair fhoghlamtha go bhfuil an t-ábhar imithe ar líne amháin agus nach bhfuil dlúthdhiosca ar fáil níos mó agus é a chur siúl ar ghléas éigin.

Faighimid ceist maidir le ríomhleabhair go han-mhinic. Bheadh taithí agam air sin ó bheith ag obair le Cois Life agus ó bheith ag obair sa siopa. Mar gheall leis an siopa, faighimid daoine á lorg agus, go bunúsach, deirim leo sin go bhfuil fáil ar mhéid áirithe ríomhleabhair Ghaeilge ach is droch-chomhartha é nach bhfuil a fhios acu faoi na cinn atá ann cheana féin gan trácht ar níos mó a bheith ar an bhfód. Tá sé iontach deacair teacht orthu, mar dhuine aonair, agus dul isteach ar a leithéid de Kobo nó Kindle agus teacht ar fhíorleabhair Ghaeilge. Tá an-chuid turscair agus droch-leabhair nach leabhair iad atá i ndiaidh a bheith aistrithe ag an meaisínaistriúchán agus nach raibh scríofa riamh agus atá i ndiaidh a bheith curtha suas ag daoine aonair, róbat nó córais.

Tá sé an-deacair an t-ábhar sin a scagadh, fiú, ar na siopaí agus don duine aonair dul isteach ar cheann de na siopaí sin agus fíorleabhair Ghaeilge a aimsiú. Ní hamháin sin, is córas Béarla atá i gceist leis na córais sin go léir agus níl siad tógtha le bheith in úsáid ag daoine le Gaeilge. Seans nach bhfuil na síntí fada sna teidil ná san eolas nó sa bhlurba a théann leis an ríomhleabhar. Chuir Cois Life 50 ar an margadh agus tá siadsan anois ag Cló Iar-Chonnacht. Tá sé millteanach deacair fiú teacht ar na cinn sin. Níl an locht ar na foilsitheoirí as sin. Tá an córas féin lochtach. Caithfidh na foilsitheoirí dul i ngleic le córas mór idirnáisiúnta Béarla leis iad a chur ar fáil don chustaiméir nó don leabharlann anseo. Tá an-chuid deacrachtaí ag baint leis sin. Ní bheinn róbhuartha faoin méid a chuireann ceist orainn mar gheall orthu in aon bhliain amháin, ar aon chaoi, agus toisc gur siopa muid a dhíolann leabhair fhisiciúla, níl mórán de thuairim againn mar gheall ar a ndíolachán ach an oiread, mar ní bheimid ag plé leo.

Fanann na leabhair nach ndíoltar iad, linne ar aon nós, le blianta agus níos mó blianta agus déanaimid athchúrsáil orthu ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.