Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt pointí spéisiúla ardaithe ansin. Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as a gcur i láthair agus as a bheith chomh hionraic sin sna pointí a rinne siad. Bheadh sé an-éasca dóibh teacht anseo agus a rá linn go raibh gach rud i gceart. Is léir dúinn nach bhfuil gach rud i gceart. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an cheist seo a chíoradh. Táimid ag iarraidh a bheith praiticiúil nuair atáimid ag cur tuairisce le chéile ar na fadhbanna atá ann agus an leigheas orthu. Tá na finnéithe tar éis cur leis an méid atá ráite ag daoine atá tar éis a bheith os ár gcomhair cheana maidir le foilsitheoireacht. Tá pointí nua le cloisteáil inniu mar gheall ar dhíolachán agus mar gheall ar phoiblíocht na leabhar. Cloisimid nach bhfuil na leabhair ar an gcaighdeán céanna le leabhair Bhéarla nó go bhfuil siad níos daoire. Ní aontaím leis sin ach b'fhéidir go mbeimid in ann é sin a chíoradh beagáinín eile.

Tá fadhb ann i nGaeilge agus i mBéarla ó thaobh téacsleabhar. Chuile bhliain, tagann téacsleabhar nua amach agus bíonn an seancheann fós i stoc agus gach uile thuismitheoir sa tír ag lorg téacsleabhar i nGaeilge nach bhfuil ar fáil. Tagann siad déanach nó a leithéid. An bhfuil a fhios ag na finnéithe faoin bhfadhb sin? An dtarlaíonn sé ina siopaí? Tháinig ceann eile chun cinn. Tá trí shiopa dhifriúla anseo. Nuair a thagann custaiméirí isteach, an bhfuil éileamh ann do chlosleabhair, amhail na cinn a éistear leo sa ghluaisteán, nó na ríomhleabhair nó ebooks? Tá dhá thuairim ann. Is iad na finnéithe na daoine a bhíonn ag díol na leabhar. Nuair a thagann daoine isteach ag ceannach leabhar, an mbíonn leabhair fhisiciúla, leabhair ar féidir leo é a chur isteach i ngléas éigin nó ríomhleabhair ag teastáil uathu?

Tá 25,000 leabhar Gaeilge i siopa Kenny’s agus méid eile ag na siopaí eile. Cad a tharlaíonn leis na leabhair? Mura mbogann stoc in aon siopa, bíonn ar an siopa fáil réidh leis nó é a chur ar ais. Mura bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil siad ann, fanann siad ar an tseilf. An bhfuil aon bhealach gur féidir leis an siopa promotions a dhéanamh chun an stoc a bhrú nó an bhfuil siad ag tnúth le hÁIS nó an foilsitheoir an brú sin a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.