Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Sarah Kenny:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an chuiridh agus as an deis a bheith anseo inniu. Táim anseo le Tomás Kenny. Is as Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith i gContae na Gaillimhe muid. Bhunaigh ár seanathair agus ár seanmháthair an siopa i gcathair na Gaillimhe in 1940. Bhí leabhair Ghaeilge á ndíol acu ón tús. Leis sin, táimid ag díol leabhair Ghaeilge le 82 bliain anuas. Tá an teanga fíorthábhachtach dúinn inár ngnó. Tá sé fite fuaite i ngach rud a dhéanaimid agus inár n-obair laethúil. Is é sluán ár ngnólachta "leabhair do chuile mheabhair". Tá sé sin os cionn an dorais nuair atá tú ag teacht isteach sa siopa. Cloistear comhrá Gaeilge sa siopa gach lá.

Sna 1950idí, thosaigh muid ag easpórtáil. Chuir muid roinnt catalóg le chéile ag an am sin agus iad ar fad i nGaeilge. Ó shin i leith, tá daoine thar lear ag lorg leabhair i nGaeilge. Mhéadaigh an saghas gnó sin nuair a thosaigh muid ag taistil do na Stáit Aontaithe sna 1960idí ag tabhairt cuairt ar leabharlanna agus ollscoileanna ar fud na tíre sin agus go háirithe nuair a chuaigh muid ar an Idirlíon. Ceathracha bliain ó shin, toghadh muid mar phríomhsholáthróir leabhar Gaeilge agus leabhar Béarla don Library of Congress i Washington, an leabharlann is mó ar domhan. Thosaigh muid an rud céanna in an-chuid de na príomh-ollscoileanna sna Stáit Aontaithe trí na blianta, Notre Dame agus Harvard ina measc. Mar gheall air seo, chruthaigh muid margadh tábhachtach do leabhair Ghaeilge sna hinstitiúidí seo agus i measc daoine príobháideacha thar lear freisin. Tá sé mar sprioc againn an líon leabharlann agus institiúidí seo a mhéadú.

In 1994, thosaigh muid ag díol ar líne. Is muidne an siopa leabhar is faide ar an Idirlíon ar domhan. Anuraidh, sheol muid leabhair chuig 160 tír difriúla ar fud an domhain. Inár siopa i nGaillimh, tá thart ar 25,000 leabhar Gaeilge ar díol. Ina measc sin, tá seanleabhair, leabhair áthláimhe agus leabhair nua. Tá seans ann go bhfuil an bailiúchán is mó leabhar Gaeilge ar díol sa domhan againn. Gach bliain, díolaimid na mílte leabhar Gaeilge do chustaiméirí in Éirinn agus thar lear sa siopa agus ar líne. Inár dtuairim, tá a lán deiseanna ann níos mó leabhar Gaeilge a dhíol ach tá a lán fadhbanna ag spreagadh muid é seo a dhéanamh go héifeachtach. Tá mo dheartháir, Tomás Kenny, chun caint leis an gcoiste faoi seo anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.