Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Ms ?il?s N? Dhuibhne:
Níl an oiread sin le rá agam. Tháinig mé anseo chun ceisteanna a fhreagairt nó chun tacú le mo chomhghleacaithe ach déarfaidh mé cúpla focal mar sin féin. Is scríbhneoir mise a scríobhann sa dá theanga; Béarla agus Gaeilge. Beidh mé ag labhairt faoin difríocht atá idir a leithéid de scríbhneoir i mBéarla agus i nGaeilge. Sin an saghas téama atá leis an bpíosa beag atá le rá agam.
Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla siar sna seachtóidí. Cé go raibh Gaeilge agam, idir léamh agus scríobh, agus cé go raibh suim agam sa litríocht agus sa scéalaíocht traidisiúnta ach go háirithe, níor bhuail sé liom aon rud a scríobh i nGaeilge go dtí gur tháinig duine éigin chugam agus a thug cabhair dom dráma a scríobh d'Amharclann de hÍde, nach bhfuil ann a thuilleadh. Ní raibh dráma scríofa agam riamh ach an oiread.
Bhí an stiúrthóir Clíodhna Ní Anluain ag lorg ban scríbhneoir le Gaeilge. Luaim é seo mar go dtaispeánann sé an tslí a oibríonn an chóras sin do scríbhneoir agus go léiríonn sé an tábhacht agus an tionchar atá ag institiúidí cosúil le hAmharclann de hÍde ar níos mó nó leibhéal amháin. Is mór an trua agus an scannal é nach bhfuil an compántas sin ann a thuilleadh agus nach bhfuil aon amharclann Ghaeilge againn sa chathair. Bhíodh éileamh ar na drámaí.
Is é an rud a tharla i mo chás pearsanta ná gur chuir mé an dráma seo le chéile. Níor shíl mé go raibh sé ró-iontach, ach bhí sé ar siúl sa Phéacóg ar feadh seachtaine. Bhí lucht féachana an-mhaith i gceist an t-am ar fad agus bhí suim ag Gaeilgeoirí na cathrach teacht chuig na drámaí sin i mBaile Átha Cliath, ní gach aon seachtain, ach bhíodh siad ar siúl ar feadh séasúr seachtaine, nó bhíodh dhá shéasúr bheaga ag an amharclann in aghaidh na bliana. Tharla sé sin agus spreag sin mé chun dul ar aghaidh ag scríobh i nGaeilge. Chuir sé ionadh orm freisin gur chuir na scríbhneoirí Gaeilge eile agus an pobal Gaeilge sa chathair fáilte romham mar scríbhneoir Béarla. Mhothaigh mé go raibh mé i measc mo threabh féin agus sa bhaile agus gur thuig an pobal sin na tagairtí a bhí á ndéanamh agam. Níorbh ghá dom aon rud a mhíniú mar gur thuig siad nuair a bhí mé ag gáire faoi Peig. Ní raibh mé ag gáire faoi Peigach faoina leithéid. Thuig siad na tagairtí ar fad a rinne mé don bhéaloideas agus do na leabhair a bhí léite againn agus mar sin de.
Lean mé ar aghaidh ag scríobh. Scríobh mé dráma eile ansin mar gur iarr duine éigin orm - foilsitheoir nach bhfuil ann a thuilleadh ach an oiread, Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life - an mbainfinn triail as úrscéal a scríobh. Rinne mé é sin in 2004, Dúnmharú sa Daingean, agus sílim gurbh fhíor a rá gur chuir sé sin tús leis an saghas faisin atá ann chun úrscéal bleachtaireachta a scríobh i nGaeilge san aois seo.
Chun rud eile a lua más féidir liom, níor scríobh mná na hÉireann ficsean i nGaeilge san fhichiú haois. Scríobhadh b'fhéidir 300 úrscéal i nGaeilge san fhichiú haois - níl mé cinnte amach is amach faoin bhfigiúr sin - ach orthu sin bhí thart fá dheich díobh siúd scríofa ag mná. Bhí sé sin an-aisteach ar fad. Cheana féin san aois seo, tá trí nó ceithre oiread sin leabhar scríofa ag mná, ag Anna Heussaff agus daoine eile ina measc. Tháinig an t-athrú ar céard a bhí ag tarlú i litríocht na Gaeilge le déanaí, le scór bliain anuas nó mar sin.
Ar aon nós, luaim é seo toisc go léiríonn sé an tábhacht a bhain le hAmharclann de hÍde i mo stair phearsanta féin chun mé a spreagadh a bheith ag scríobh agus mar sin de. Thuill mé airgead as agus as an úrscéal Dúnmharú sa Daingeanagus fuair mé coimisiúnú. Níor thuill mé a dhóthain airgid le bheith ag maireachtáil as mar bhí post agam i gcónaí agus is rud ann féin é sin a rá. Níl a fhios agam gur cheart dom é seo a rá ach déarfainn go bhfuair mé níos mó airgid ó bheith ag scríobh i nGaeilge ag an am sin ná a bheith ag scríobh i mBéarla chun an fhírinne a rá. Is cineál bestseller a bhí i gceist i Dúnmharú sa Daingean, aisteach go leor, toisc go bhfuair sé bolscaireacht. B'fhéidir nach bolscaireacht an focal ceart ach fuair sé léirmheasanna sna meáin chearta, is é sin, na meáin Bhéarla, toisc go raibh saghas aitheantais orm cheana féin mar scríbhneoir.
Tá sé an-tábhachtach sna leabhair i nGaeilge go dtabharfar aitheantas dóibh agus go gclúdófar iad sna meáin Bhéarla agus ní tharlaíonn sé sin den chuid is mó de. Ní fhaigheann Gaeilgeoirí amach - níl mórán díobh ann - go bhfuil leabhar ann mura bhfuil léirmheas san The Irish Timesnó ar “Arena” le Seán Rocks nó ar rud mar sin, go háirithe, nuair a smaoinítear ar an bpobal ar a raibh Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi, is é sin, na daoine atá lasmuigh den Ghaeltacht agus na daoine a bhfuil go leor Gaeilge acu le go bhféadfaidís leabhar simplí a léamh. Léann siad é má bhíonn siad i mbéal an phobail. Is díreach an cás céanna é, má bhíonn daoine ag dul go dtí an scannán atá chomh mór le rá sin faoi láthair: “An Cailín Ciúin”. Bhí an scannán sin i mbéal an phobail agus i ngach áit agus bhí daoine sásta dul ann agus an-sásta breathnú ar scannáin i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé níos fusa breathnú ar scannán le fotheidil ná chun leabhar a léamh ach ba cheart a bheith ag smaoineamh air sin i láthair na huaire mar sin féin.
Is é an difríocht mhór idir a bheith ina scríbhneoir i nGaeilge nó i mBéarla ná, gan amhras, go bhfuil seans ag duine, más ag scríobh i mBéarla atáthar, na mílte nó na milliúin léitheoirí a fháil agus níl sé sin chun tarlú riamh i nGaeilge. Má éirítear go han-mhaith le duine, gheobhaidh scríbhneoir Gaeilge 1,000 nó 2,000 léitheoir i nGaeilge go dtí go n-aistreofaí an leabhar go teanga éigin eile.
Ní hé sin a rá go dtuilleann scríbhneoirí i mBéarla na hÉireann mórán airgid seachas b’fhéidir leabhair a leithéidí Jo Spain. Déarfainn go bhféadfaí na daoine gur féidir leo maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad ó bheith ag scríobh i mBéarla a chur ar láimh amháin, mar fiú amháin, nuair a áirítear na hainmneacha mór le rá, bíonn poist acu de ghnáth mar léachtóirí i scríbhneoireacht chruthaitheach agus mar sin de. Is dóigh liom go mbeadh rud éigin le rá ag Cathal Póirtéir faoi sin mar go dtuigeann sé an cheist seo. Tá cúrsaí seo sna hollscoileanna le 20 bliain anuas sa scríbhneoireacht chruthaitheach, áit a bhfuil MAs nó PhDs ann. Tá gach saghas cláir sa scríbhneoireacht chruthaitheach anois ann i mBéarla in Éirinn. Ní dóigh liom, ámh, go bhfuil fiú ceann amháin i nGaeilge ann. Tugann na cúrsaí seo fostaíocht do scríbhneoirí atá go deas agus a théann leis an scríbhneoireacht mar ghairm, foghlaimíonn na mic léinn rud éigin, agus ardaíonn siad an caighdeán scríbhneoireachta. Bheadh sé go maith dá mbeadh ceann i nGaeilge ann agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil na cúrsaí seo ar fáil nó nach bhfuil suim ag na hollscoileanna iad a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge.
Cén difríocht eile atá ann idir na scríbhneoirí sin a luaigh mé cheana. Ba cheart dúinn a bheith ag smaoinigh air seo mar gur luaigh Anna Heussaff go bhfuil 500 scríbhneoir beo ag scríobh i nGaeilge i láthair na huaire agus tá, b'fhéidir, leabhar amháin scríofa ag cuid acu, nó mar sin de. Ach cé mhéad scríbhneoir atá ag scríobh i mBéarla ar domhan? Níl a fhios agam faoin líon sin. B'fhéidir go bhfuil milliún nó dhá mhilliún ann. Caithfimid na scríbhneoirí atá againn i nGaeilge a chothú, i ndáiríre, do thír na hÉireann, dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Táimid, is iad sin na scríbhneoirí Gaeilge, i bhfad níos tábhachtaí agus níos neamhghnáiche sa chomhthéacs seo. Is rara avisgach duine a scríobhann sa Ghaeilge i gcomhthéacs an domhain. Caithfimid tacaíocht agus maoiniú a thabhairt dóibh, an litríocht a chothú agus cabhair a thabhairt do na scríbhneoirí sin ar aon bhealach a bhféadfaí é sin a dhéanamh.
I gcomhthéacs na hEorpa agus an domhain, tá tábhacht faoi leith ag baint le litríocht na Gaeilge agus ní bheidh sí ann nó beo gan é sin a dhéanamh. Is é sin an méid atá le rá agam.
No comments