Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 29 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Tadhg Mac Dhonnag?in:

Is scríbhneoir do dhaoine fásta agus do pháistí mé agus úinéir Futa Fata, teach foilsitheoireachta atá dírithe go príomha ar pháistí. Tá inphrionta nua againn, Barzaz, a bhfuil cúpla leabhar do dhaoine fásta foilsithe agus cúpla ceann eile ar an mbealach.

D’éist mé le hAnna Heussaff faoi chúrsaí ioncaim. Tharla gur oibrigh mé léi blianta fada ó shin i RTÉ. An réiteach a fuair mise ó thaobh ioncaim a bhaint as saol na leabhar ná gur shocraigh mé dul le foilsitheoireacht chomh maith le scríbhneoireacht. Ar an gcaoi sin, d’éirigh liom slí bheatha a bhaint as an earnáil agus as an obair. Ach mar scríbhneoir, ní bheinn in ann é a dhéanamh.

Tá roinnt mhór daoine tar éis teacht os comhar an chomhchoiste agus pointí éagsúla déanta acu. Bhí mé ag cuardach bealaigh chun na pointí sin a tharraingt le chéile. Déanfaidh mé cur síos ginearálta ar dtús agus ansin luafaidh mé na deacrachtaí agus na moltaí atá agam. Tá mé ag léamh ón ráiteas oscailte a iarradh orm a chur os comhair an chomhchoiste, agus is achoimre é sin ar an aitheasc a chuir mé isteach. Má tá ceisteanna ag comhaltaí an choiste faoi cheachtar acu, beidh fíor-áthas orm iad a fhreagairt.

Tá sé an-tábhachtach cuimhneamh ar shaol na leabhar mar éiceachóras, nó ecosystem. Déanfaidh mé cur síos gairid ar a bhfuil i gceist agam. Tá súil agam go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar chéimeanna na hoibre atá i gceist le leabhar a fhoilsiú, na fadhbanna a bhaineann le laigí a bheith sa chóras mar atá, agus na céimeanna atá le tógáil leis an scéal sin a chur ina cheart.

Tá daoine éagsúla a bhfuil róil éagsúla acu in éiceachóras na leabhar. Tá scríbhneoir ann a chruthaíonn an saothar agus an foilsitheoir a ghlacann leis an saothar le foilsiú. Ag obair dóibh siúd, tá an t-eagarthóir liteartha a chuidíonn leis an scríbhneoir an saothar a thabhairt chuig an gcaighdeán is airde is féidir. Roinnt míonna sula gcuirtear leabhar i gcló, bíonn oifigeach díolaíochta an fhoilsitheora i dteagmháil leis na siopaí leabhar a cheannóidh an leabhar. Cuireann an t-oifigeach díolaíochta cur síos mealltach ar an leabhar ar fáil, pictiúr den chlúdach, uimhir ISBN agus mar sin de. Ag an am céanna, tá an t-oifigeach margaíochta - tá dhá ról ar leith i gceist ansin - atá ag obair don fhoilsitheoir ag scaipeadh réamheolais chomh maith ar na leabharlanna, ar bhlagadóirí, ar aon eagraíocht chultúrtha eile a cheannódh nó a thacódh leis an leabhar, na tionchairí idirlín, na hiriseoirí, na léirmheastóirí irise, na craoltóirí agus lucht eagraithe na bhféilte leabhar, duine ar bith a thabharfaidh poiblíocht don leabhar.

Tá an scríbhneoir, i gcomhar leis an oifigeach poiblíochta, i dteagmháil leis an bpobal trí na meáin shóisialta, ag scaipeadh réamheolais chomh maith faoin leabhar, ag nochtadh an chlúdaigh agus mar sin de. Ar feadh an ama, tá an riarachán casta ar fad a bhaineann leis an leabhar a chur i gcló - é a dhearadh ar dtús agus é a chur i gcló ansin - á bhainistiú ag riarthóir an fhoilsitheora. Nuair a bhíonn réamhchóipeanna clóite ar fáil ón gclódóir, scaiptear iad sin ar lucht poiblíochta, ar mhaithe le cur leis an réamhphoiblíocht.

Agus an leabhar i gcló, scaipeann an dáileoir é ar na siopaí leabhar. Nuair a thagann lá oifigiúil foilsithe an leabhair, bíonn an scríbhneoir ar an mbóthar, ag cur an leabhair chun cinn, ag tabhairt cuairt ar shiopaí, ar leabharlanna, ag teacht i láthair ag féilte, agus ag scaipeadh an scéil ar na meáin shóisialta. Bíonn sí nó sé ag déanamh agallaimh le craoltóirí, le hiriseoirí agus le haon duine a thabharfaidh aird uirthi ná air. Bíonn an t-oifigeach margaíochta ag tacú leis an scríbhneoir ar feadh an ama agus bíonn an foilsitheoir ag cur an leabhair faoi bhráid lucht eagraithe na ngradam liteartha agus faoi bhráid na ngníomhairí liteartha thar lear a thriailfidh cearta den leabhar a dhíol ar fud na cruinne agus an saothar a bheith foilsithe chomh forleathan agus is féidir.

An toradh a bhfuil an t-éiceachóras ar fad ag obair ina threo ná oiread léitheoirí agus is féidir a mhealladh leis an leabhar a léamh, le haitheantas a thabhairt don scríbhneoir, le hioncam a chur ar fáil di ná dó agus don fhoilsitheoir, don dáileoir agus don siopa leabhar. Is mar sin a thógtar an pobal. Mura mbeidh gach gné den éiceachóras ag feidhmiú go héifeachtach, beidh fadhbanna ann. Is mar sin atá maidir le gnéithe áirithe d’éiceachóras na Gaeilge. Molaim i m’aitheasc céimeanna a thógáil le cinntiú go mbeidh éiceachóras folláin ag feidhmiú i gcás leabhair na n-óg, leabhair na ndéagóirí agus leabhair na ndaoine fásta, dreamanna ar leith a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Airím gur i réimse na bpáistí is fearr atá an t-éiceachóras iomlán ag feidhmiú. Is i saol leabhair na ndéagóirí is laige atá muid. Tá bunús maith ann i gcás leabhair do dhaoine fásta agus má thógtar céimeanna áirithe, tiocfaidh feabhas ar chúrsaí. Ach tá bearnaí móra san éiceachóras i gcás na dtrí ghrúpaí sin, go mór mór i gcás na díolaíochta agus an dáileacháin. Tá mé tar éis dul isteach sa scéal sin go mion san aitheasc. Tarlaíonn sé go bhfuil réiteach aimsithe ag mo chomhlacht féin ar an dá fhadhb mhóra sin, ach bheadh an earnáil trí chéile níos láidre dá ndíreofaí ar na fadhbanna sin a réiteach do na foilsitheoirí eile. Tá sé an-tábhachtach go dtarlódh sé sin. An réiteach a fuair mo chomhlacht féin ar an bhfadhb ná gur fhág muid ÁIS agus gur thosaigh muid ag obair le dáileoir eile, Gill Books. Anois tá The O'Brien Press ag obair linn mar oifig díolaíochta agus cuidíonn sé sin go mór linn ár gcuid leabhar a chur i láthair ar bhealach nach raibh ag éirí le hÁIS a dhéanamh.

Seo mar a leanas iad na príomh-mholtaí atá agam. Ba cheart an maoiniú a bhí á fháil ag clár na leabhar in 2008, ar a laghad €1.8 milliún, a chur ar fáil an athuair agus an t-airgead sin a chaitheamh ar na bearnaí san éiceachóras leabhar a líonadh.

Ba cheart go n-aithneofaí gur cheart go mbeadh ar a laghad stiúrthóir, eagarthóir, oifigeach riaracháin agus oifigeach poiblíochta mar bhunleibhéal foirne ag gach teach foilsitheoireachta, bídís ina bhfostaithe páirtaimseartha nó lánaimseartha. Is gá na rólanna sin a scaradh amach óna chéile. Ceann de na fadhbanna móra a bhíonn ann nó go mbíonn daoine aonaracha ag iarraidh an iomarca rólanna a tharraingt chucu féin i dtithe beaga foilsitheoireachta. Bíonn siad plúchta le hobair; bíonn siad ag obair go crua le croíthe móra maithe ach bíonn an iomarca ann dóibh.

Ba cheart béim a chur ar eagarthóirí liteartha - seachas eagarthóirí teanga, cé go bhfuil siad sin an-tábhachtach freisin - a oiliúint agus an oiliúint sin a tharraingt ar shaineolas atá níos leithne ná saol na Gaeilge amháin. An rud atá i gceist agam le heagarthóirí liteartha ná daoine a bhfuil scileanna acu i gcúrsaí scéalaíochta, struchtúir, scéil agus an teoiric sin ar fad atá ar fáil go coitianta i measc eagarthóirí liteartha an domhain mhóir. Is ceird í sin nach bhfuil forbartha go maith sa Ghaeilge agus sin pointe mhór.

Ba cheart ciste ar leith a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh go córasach ar réimse na leabhar Gaeilge atá ar fáil do dhéagóirí, ag tabhairt san áireamh go bhfuil dhá phobal déagóirí ann ó thaobh scolaíochta. Tá pobal na Gaeltachta agus an Ghaeloideachais ar thaobh amháin agus tá pobal an Bhéarla ar an taobh eile. Tá cumas léitheoireachta ar leith sa teanga ag an dá phobal sin agus ní oibreoidh sé an cineál amháin leabhar a fhoilsiú don dá phobal sin. Beidh orainn dhá chineál leabhar a fhoilsiú agus tá cur síos mion déanta agam air sin san aitheasc. Is gá leabhair ar leith a chruthú don dá phobal sin agus éiceachóras a fhorbairt leis na leabhair sin a chur i láthair go héifeachtach do dhéagóirí na tíre.

Ba cheart a chinntiú go mbeidh oiread scríbhneoirí agus is féidir ag plé le saol na leabhar ar bhonn lánaimseartha, nó chomh lánaimseartha agus is féidir. Ceann de na rudaí a bhfuil mo chomhlacht féin tar éis béim a chur air ná spreagadh a thabhairt do na scríbhneoirí - agus tá mé ag caint ar scríbhneoirí do pháistí don chuid is mó - dul amach i measc an phobail agus a bheith ar fáil oiread agus is féidir do na scoileanna agus do chuairteanna ar leabharlanna agus féilte agus mar sin de. Feicim go bhfuil sé sin tar éis an-difríocht a dhéanamh. Tá sé tar éis cur leis an díolaíocht agus tá sé tar éis ioncam a chruthú do na daoine sin. Tá sé tar éis beocht a chur i saol leabhair na n-óg. D'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcás leabhair do dhaoine fásta freisin.

Ba cheart oiliúint i dteanga agus i gcultúr leabhar na Gaeilge a chur ar leabharlannaithe agus ar shiopadóirí leabhar ar fud oileán na hÉireann. Dúshlán ar leith atá againn mar theanga mionlaigh ná go bhfuil fíorbheagán daoine atá ag obair i siopaí leabhair in Éirinn a bhfuil teanga na Gaeilge acu go maith agus go bhfuil léamh na Gaeilge acu go líofa. Tá na daoine seo ag plé le leabhair atá ag teacht chucu i dteanga iasachta. Tá gá le tacaíocht ansin agus le breis saineolais a bheith ann i measc na daoine atá ag díol na leabhair leis an bpobal.

Ba cheart breis tacaíochta a thabhairt d’earnáil na leabharlanna sa dá dhlínse, le breis leabhar a cheannach agus a chur i láthair, an dá thaobh den Teorainn san áireamh. Tá Tuaisceart na hÉireann an-tábhachtach freisin sa chás sin.

Ba cheartoiliúint a chur ar aistritheoirí liteartha Éireannacha atá ag aistriú go Gaeilge ó theangacha eile agus ar aistritheoirí eachtrannacha a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu atá ag aistriú leabhair Ghaeilge go teangacha eile. Tá na daoine sin ann. Tá sé an-suimiúil le cúpla mí anuas an méid a fuair mé amach mar scríbhneoir. Tharla go raibh úrscéal amach agam a tharraing aird ag leibhéal Eorpach agus a bhuaigh duais liteartha an Aontais Eorpaigh. Tháinig go leor fiosruithe i mo threo ó thaobh an leabhair a bheith aistrithe ach an rud a bhí an-spéisiúil ar fad ná gur tháinig fiosruithe ó aistritheoirí arb as tíortha eile iad a bhfuil Gaeilge acu agus a bhí ag iarraidh labhairt liom faoin leabhar a aistriú go díreach ó Ghaeilge go Gearmáinis, mar shampla. Aréir tháinig ríomhphost eile isteach. Tá conradh ann chun an leabhar a aistriú go dtí an Eastóinis. Tá an conradh sin sínithe, beidh sé ag tarlú agus Eastónach a bheas á dhéanamh. Tá sé sin an-suimiúil agus tá na daoine sin ann ach b'fhéidir gur daoine iad nach bhfuil ag díriú go sainiúil ar an aistriúchán liteartha faoi láthair ach dá gcuirfí beagáinín tacaíochta ar fáil bheadh siad ar fáil. Is iontach an rud a bheadh ansin.

Mar a dúirt mé, chuir mé isteach an t-aitheasc agus má tá aon cheisteanna ag duine ar bith faoi aon rud ann beidh áthas orm iad a fhreagairt. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as aird a thabhairt ar an ábhar seo agus ar na fadhbanna atá ann. Tá toradh le feiceáil ar an obair cheana féin agus tá muid ar fad buíoch.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.