Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 29 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Ms Anna Heussaff:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Tá scríbhneoirí agus foilsitheoirí cumasacha againn agus tá feabhas tagtha ar an soláthar leabhar, ar na caighdeáin deartha agus ar chló na leabhar Gaeilge le blianta anuas. Tá margadh fiúntach ann i measc léitheoirí óga agus fásta ach d’fhéadfaí cur leis sin go fiúntach agus go suntasach. Bíonn ócáidí bríomhara liteartha ar siúl i nGaeilge ach, arís, d’fhéadfaí cur leo.
Tá dúshláin agus deacrachtaí ann. Beidh mise ag labhairt faoi dhúshláin agus moltaí maidir le hioncam agus stádas scríbhneoirí, taca margaíochta, córas dáileacháin a oireann don lá inniu seachas don saol 20 nó 30 bliain ó shin agus méadú mór ar an maoiniú iomlán don earnáil. Beidh mé ag labhairt thar mo cheann féin mar scríbhneoir agus freisin mar rúnaí ar choiste stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge le dhá bhliain anuas.
Mar eolas fúm féin, foilseofar an t-ochtú úrscéal liom i mbliana. Ina measc tá úrscéalta bleachtaireachta do léitheoirí fásta agus líofa, úrscéalta mistéire do dhéagóirí óga agus úrscéal grá d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá mé gníomhach i saol na leabhar le fada. Sular thosaigh mé ar an scríobh beagnach 20 bliain ó shin, bhí mé fostaithe ag RTÉ mar thaighdeoir agus mar léiritheoir agus stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse.
Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge sa bhliain 2015 ar mhaithe le glór, ardán agus tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge, caidreamh a chothú inár measc agus idirbheartaíocht a dhéanamh le heagrais eile a mbíonn tionchar acu orainn. Tá 142 ball cláraithe againn i mbliana. Tá siad ar fud na hÉireann agus i dtíortha agus mór-ranna thar lear agus tá an líon ag méadú go seasta ó bunaíodh an t-eagras. Cuirimid fógraí chuig na baill uair sa mhí faoi dheiseanna, comórtais agus ócáidí. Réitímid aighneachtaí do chomhairliúcháin phoiblí. Táimid ag iarraidh comhairle aonair agus treoir ghinearálta a chur ar fáil do scríbhneoirí faoin sórt conartha dhlíthiúil atá riachtanach idir scríbhneoir agus foilsitheoir. Rinneamar athbhunú ar chomórtas filíochta Chorn Uí Néill i mbliana agus bíonn ollchruinnithe agus ócáidí eile againn, le linn Fhéile an Oireachtais, mar shampla. Tá tuilleadh eolais faoin aontas ar ár suíomh gréasáin agus ar Twitter agus Facebook.
Go luath in 2019, seoladh Eolaire na Scríbhneoirí ar shuíomh nua gréasáin an aontais. Is bunachar é seo a thugann eolas ar bhreis is 500 scríbhneoir Gaeilge atá beo inniu, ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin leo nó ar léiríodh dráma nó script leo go poiblí agus go haitheanta. Tá figiúirí agus léargais san eolaire ar cárbh as do na scríbhneoirí, na seánraí leabhar ina scríobhtar, coibhneas na mban is na bhfear, agus cárbh as a gcuid Gaeilge - mar shampla ar cainteoirí Gaeltachta iad nó cainteoirí a tógadh le Gaeilge in áiteanna eile, daoine a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge ar scoil agus mar sin de. Is mar acmhainn do leabharlanna, d’fhéilte liteartha agus do scoláirí a tiomsaíodh an t-eolaire sin ach níl uasdátú ná poibliú ceart déanta air le cúpla bliain anuas de cheal maoinithe. Fuaireamar dea-scéal an tseachtain seo caite go mbronnfaidh Foras na Gaeilge maoiniú ar an aontas i mbliana chun bainisteoir a fhostú go páirtaimseartha ar feadh roinnt míonna. Is mór an chéim chun cinn í seo ach beidh gá againn le maoiniú fadtréimhseach chun feidhmiú go héifeachtach amach anseo.
Tá formhór na scríbhneoirí Gaeilge ag brath ar ioncam ó fhoinsí eile seachas an scríobh, mar phost eile, pinsean, obair ócáideach nó taca airgeadais ónár muintir féin. I mo thaithí féin, glacann sé ar a laghad bliain oibre lánaimseartha chun úrscéal 250 leathanach a phleanáil agus a scríobh agus thart ar cheithre mhí oibre i gcás úrscéil do dhéagóirí. Caithim suas le mí lánaimseartha ar an obair phoiblíochta do gach úrscéal. Tá ag éirí go maith liomsa mar scríbhneoir i gcomparáid leis an meán ach de réir mo chuid taifead, an méid a thuill mé ón scríobh sa bhliain le 18 bliain anuas, ar an meán, ná €5,000. Sin obair a ghlac idir ceathrú agus leath mo chuid ama. Cé mhéad duine a bheadh sásta suas le leathbhliain oibre lánaimseartha a dhéanamh ar €5,000? Is gairm atá sa scríobh dúinne a thugann faoi i gceart agus go críochnúil, agus tá ioncam tábhachtach dúinn. Tháinig cuid den ioncam sin a thuill mise ó choimisiúin ó Chlár na Leabhar Gaeilge ach ní fhaigheann a lán scríbhneoirí coimisiúin. Tháinig cuid eile ó tháille an scríbhneora a fuair an foilsitheoir ó Chlár na Leabhar agus ó dhleachtanna díolacháin. Arís, tá díolachán maith mar leabhair Ghaeilge ag mo leabhair féin ach táimid ag caint ar dhleachtanna idir €500 agus €1,000 sa bhliain. Ní ioncam é sin a íocfaidh mórán billí. Fiú i measc scríbhneoirí Béarla sa Bhreatain – teanga mhóraimh i dtír an-mhór – tá suirbhéanna feicthe agam a léiríonn gur £10,500 an meán-ioncam bliantúil ag scríbhneoirí gairmiúla, agus gan ach 28% díobh ag maireachtáil ar an scríobh amháin. Ní aon iontas é mar sin go bhfuil gá le taca leanúnach maoinithe chun go scríobhfar agus go léifear leabhair ar ardchaighdeán i nGaeilge.
Molaim, mar sin, méadú ar líon na ndaoine a fhaigheann coimisiúin ó Chlár na Leabhar Gaeilge, méadú ar na híocaíochtaí agus go mbeadh an scéim ann gach bliain. Molaim coimisiúin ilbhliana a bheith ann ionas go bhféadfaidh scríbhneoirí sraith trí leabhar a scríobh, mar shampla, leis na carachtair chéanna sna scéalta. Sin rud a mheallann go leor léitheoirí fásta, agus léitheoirí óga chomh maith. Molaim leanúint le scéimeanna eile agus sparánachtaí na Comhairle Ealaíon. Beidh an scéim phíolótach bunioncaim d’ealaíontóirí an-tábhachtach dúinn. Mar a dúradh leis an gcoiste an tseachtain seo caite, ba chóir leanúint leis an scéim meantóireachta, na cónaitheachtaí agus mar sin de.
De réir mo thuiscint féin, i measc na seánraí leabhar is láidre sa Ghaeilge ó thaobh líon na dteideal a fhoilsítear, tá an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an stair áitiúil, an chritic liteartha agus leabhair don aos óg, go háirithe pictiúrleabhair. Tá an soláthar do pháistí níos sine agus do dhéagóirí feabhsaithe ach tá sé fós sách gann. Tá an soláthar úrscéalta feabhsaithe ach, maidir lena cineálacha seánraí ina bhfuil móréileamh i dteangacha eile, tá sé an-ghann, mar shampla úrscéalta grá, úrscéalta ar théamaí sóisialta, úrscéalta bleachtaireachta agus fantaisíochta. Tá leabhair neamhfhicsin an-mhaith againn, mar shampla, cuimhní cinn agus cuntais taistil, ach tá go leor laigí sa réimse freisin. Tá an drámaíocht sách lag mar gheall ar easpa deiseanna ó amharclanna agus ó na meáin chraolta. Creidim go bhfuil tionchar ag cúrsaí maoinithe agus ioncaim ar go leor de na laigí seo, maidir leis an difríocht idir a bheith ag scríobh cúpla tráthnóna sa tseachtain agus a bheith in ann scríobh go leanúnach thar thréimhse míonna nó blianta, chomh maith leis an sórt poiblíochta agus feiceálachta a fhaigheann an leabhar is fearr i nGaeilge fiú.
Maidir le margaíocht agus dáileachán, ba mhaith liom sampla na Breataine Bige a chur os comhair an choiste. Rinne mé roinnt teagmhála chun figiúirí a aimsiú mar go bhfuil dáileachán agus margaíocht pléite ag an gcomhchoiste le roinnt seachtaine anuas. Sa Bhreatain Bheag, tá comhairle na leabhar ann le 60 bliain anuas ag freastal ar fhoilsitheoirí Breatnaise agus Béarla sa tír sin. Cuireann an chomhairle seirbhísí deartha agus eagarthóireachta ar fáil do na foilsitheoirí neamhspleácha. Tá suíomh gréasáin ag an gcomhairle, ar ndóigh, trína ndéantar dáileadh. Nuair a ordaítear leabhar tríd an suíomh, bíonn sé sa siopa an lá dár gcionn agus, mar a dúradh, tá sé áiféiseach nach bhfuil a leithéid ar siúl ag ÁIS, mar atá ráite ag daoine eile.
Sa Bhreatain Bheag tá foireann díolacháin ag an gcomhairle leabhar a thugann cuairteanna rialta ar shiopaí leabhar, ar scoileanna agus ar leabharlanna, a ghlacann le horduithe agus a phléann cad iad na teidil nua a mbeidh éileamh ag grúpaí difriúla léitheoirí orthu. De réir an eolais a fuair mé ón gcomhairle, bhíodh seisear ar an bhfoireann díolacháin go dtí 2019 agus iad ag plé le leabhair Bhéarla agus Bhreatnaise araon. Chuir Covid bac mór ar an obair agus tá triúr ar an bhfoireann faoi láthair.
Tá go leor difríochtaí idir an Bhreatain Bheag agus an tír seo. Tá líon i bhfad níos mó cainteoirí laethúla ann ach tá pobal níos lú san iomlán ann. Tá níos mó daoine in Éirinn a bhfuil eolas áirithe acu ar an nGaeilge, mar sin tá difríocht idir an dá mhargadh. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil réimse tíre na Breataine Bige níos lú ná Cúige Mumhan. Má tá triúr ag freastal ar an réimse tíre sin, is cinnte go bhfuil triúr ar a laghad ag teastáil in Éirinn. Molaim go mbeadh suíomh gréasáin ag ÁIS agus foireann ag obair le siopaí, leabharlanna agus scoileanna.
Ní fiú dúinn a bheith ag gearán go mbíonn leabhair Ghaeilge ar chúl seilfeanna nó gan fáil orthu i siopaí leabhar nó leabharlanna muna bhfuil bolscaireacht ar siúl againn go leanúnach, go gairmiúil agus go snasta, mar a dhéanann na foilsitheoirí móra Béarla agus na foilsitheoirí Béarla ar féidir leo é sin a dhéanamh. Ní tharlódh sé go díreach mar ba mhaith linn go dtarlódh sé nó go gcuirfí dualgas éigin ar na siopaí leabhar.
Maidir le margaíocht, molaim freisin go mbeadh sé mar choinníoll ag Clár na Leabhar Gaeilge sna deontais a thugann sé do na foilsitheoirí go mbeadh plean margaíochta feiliúnach leagtha amach do gach leabhar a fhaigheann cúnamh maoinithe. Tá cuid de na foilsitheoirí i bhfad níos fearr ná a chéile ag déanamh é seo. Cuirfidh sé sin leis na léirmheasanna agus na n-agallamh poiblíochta. Éiríonn liom féin léirmheasanna agus poiblíocht a fháil ach cuirim a lán oibre ann. Tá gá le tacaíocht leanúnach ón bhfoilsitheoir chuige sin i ndáiríre agus maoiniú don fhoilsitheoir chun é a dhéanamh.
Sula gcríochnóidh mé, tá cúpla pointe eile agam. Dúradh liom go bhfuil buiséad chomhairle na leabhar do leabhair Bhreatnaise i mbliana £1.671 mhilliún. Is ionann é sin agus beagnach €2 milliún nó beagnach dhá oiread an bhuiséid atá ag Clár na Leabhar. Thit an maoiniú in Éirinn, mar a dúradh, ó €1.82 mhilliún 14 bliana ó shin sa bhliain go dtí €1.061 mhilliún. Tá sé lán soiléir go ndéanadh sé difríocht an-mhór dá mbeadh maoiniú ceart, €2 mhilliún nó €2.5 mhilliún sa bhliain, á thabhairt don fhoilsitheoireacht.
Rinneadh trácht ar fhéile IMRAM agus ní gá dom labhairt faoi ach a rá nach litríocht scríofa ar fad atá i gceist le litríocht na Gaeilge. Bíonn go leor ócáidí ar siúl ag IMRAM agus ag féilte eile, ar nós féile an Oireachtais agus oícheanta filíochta. Tá rud tagtha chun cinn i measc filí óga, go háirithe ag Ciara Ní É agus daoine eile, a chuireann performance poetry nó taibhfhilíocht ar siúl faoin teideal REIC, agus tá go leor físeáin agus mar sin de ar líne freisin.
Ba mhaith liom pointe deireanach a lua. Tá tionscadal píolótach dar teideal leitheoiri.ie á fhorbairt le bliain nó dhó anuas le taca ó Fhoras na Gaeilge. Tá sé mar sprioc aige eolas a chur ar fáil faoi leabhair nua Ghaeilge agus gach sórt ábhar léitheoireachta faoi chlubanna leabhar, leabharlanna, siopaí leabhar, imeachtaí, ríomhleabhair, suíomhanna gréasáin, podchraoltaí, físeáin agus mar sin de. Níl an tionscadal ar bhun go poiblí go fóill ach mura raibh deis ag ionadaí de chuid an tionscadail sin labhairt leis an gcomhchoiste seo – ní raibh, de réir mar a thuigim - molaim go láidir go ndéanfadh an comhchoiste socrú chuige sin.
Gabhaim buíochas le comhaltaí an choiste agus táim ag súil leis an bplé.
No comments