Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Cé mhéad duine atá i mbun cúrsa a dhéanamh faoi láthair? Cé mhéad duine atá sa Ghaeltacht? Níl mé ag iarraidh locht a fháil. Gach seachtain, bímid ag iarraidh a fháil amach cén chaoi is féidir úsáid na Gaeilge a mhéadú agus na dualgais faoin reachtaíocht a chomhlíonadh ó thaobh Acht na Teangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus mar sin de. Cuirim ceist i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil dea-thoil i gcónaí don Ghaeilge ach, go díreach agus go praiticiúil, cad atá ar siúl ag an leabharlann? An bhfuil aidhmeanna aici le go mbeidh Gaeilge ag céatadán den fhoireann laistigh de dhá bhliain? Cad iad na spriocanna? Cad é an straitéis? Chonaic mé an straitéis ar pháipéar. Ní mór dom a rá nach ionann an straitéis ar pháipéar agus an rud atá ag tarlú.
No comments