Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an bhfoireann ón Leabharlann Náisiúnta. Déanaim comhghairdeas leis an stiúrthóir gníomhach as úsáid na Gaeilge. Fáiltím roimh an iarracht atá á déanamh aici. Tá sé suimiúil nach bhfuil a lán de na príomhfheidhmeannaigh a thagann os ár gcomhair ag déanamh an iarracht chéanna. Déanaim comhghairdeas léi as sin.
Dúirt an stiúrthóir gníomhach go bhfuil 12 milliún mír sa bhailiúchán náisiúnta. As an 12 milliún sin, cé mhéad atá as Gaeilge? Tá sé suimiúil gur tháinig sé suas i ngach cruinniú a bhí againn ar an ábhar seo go bhfuil easpa feiceálachta fhoilsitheoirí Gaeltachta nó Gaeltachta ina chuid den fhadhb. Cén sórt feiceálacht atá acu sa Leabharlann Náisiúnta chun go mbeidh na foilsitheoirí Gaeilge os comhair na ndaoine? Cén plean atá ag an leabharlann chun an fheiceálacht seo a fheabhsú i gcomhthéacs an chlár forbartha caipitil a leag an stiúrthóir gníomhach amach?
No comments