Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceann agam áit éigin. Bhí sé istigh liom níos luaithe agus bhí sé ag triail é a dhíol. Tá ceann as Gaeilge ach tá leagan Béarla difriúil aige.

Tá leabhair á fhoilsiú. Bhí Pádraig Ó Laighin os ár gcomhair anuraidh. Sin leabhair Cló na nGael. Ní ceann de na mór-fhoilsitheoirí iad agus tá an cuma air gur leabhair den chéad ghrád atá iontu. Táimid ag féachaint ar chleachtaí i dtíortha eile chomh maith. Leabhar eile a thug mé isteach liom a bhí foilsithe le déanaí ná The Gaelic Crisis in the Vernacular Communityle Conchúr Ó Giollagáin. Tá beathaisnéis, filíocht, agus, mar a léirigh na finnéithe inniu, leabhair do dhaoine óga, nó seandaoine cosúil liomsa a léann leabhair óga, á fhoilsiú. Tá siad ar fad anseo againn. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil a fhios ag an bpobal go bhfuil siad ann agus go bhfuil siad sásta iad a cheannach nó dul isteach i leabharlanna. Ní díreach an Leabharlann Náisiúnta atá i gceist. Bhí leabharlannaithe ó Chontae na Gaillimhe os ár gcomhair. Caithfidh daoine dul isteach sna gnáth-leabharlanna chomh maith. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ansin ó thaobh na leabhar a bheith ar fáil agus an t-éileamh a chothú dóibh agus tá súil agam go réiteofar é sin.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as a bheith os ár gcomhair leis an ábhar seo a plé agus na tuairimí a bhí acu a roinnt linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.