Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).
Mr. Aidan Courtney:
Ní saineolaí mé agus níl mo Ghaeilge foirfe ach thosaigh mé ag déanamh greannán trí Ghaeilge. Ba mhaith liom níos mó greannán i nGaeilge a fháil agus bhunaigh mé Coimicí Gael chun greannáin a chruthú trí Ghaeilge do dhaoine óga in 2007. Thosaigh Coimicí Gael ag foilsiú greannán in 2007 leis an irisleabhar Rí-Rá#0. Tá Rí-Rá#4 agam anseo. Má tá suim ag aon duine na hirisleabhair a fheiceáil, beidh mé in ann iad a scaipeadh amach.
Tá Ruaille Buailleagainn chomh maith. Taispeánann iad siúd cad atá i gceist againn.
Déanann Coimicí Gael ceardlanna ghreannáin agus ceardlanna chun taispeáint go bhfuil gach duine ábalta rudaí a tharraingt. Creidim go bhfuil gach duine ábalta rud éigin a tharraingt agus a chruthú. Tá sé sin an-tábhachtach. Dé ghnáth bíonn na ceardlanna do dhaoine óga idir cúig bliana agus 18 mbliana d'aois. Is foilsitheoir greannáin é Coimicí Gael chomh maith. Tá Ruaille Buailleimleabhar 1 agus Ruaille Buailleimleabhar 2 foilsithe againn do dhaoine óga.
Is cnuasach greannáin na ealaíontóirí agus scríbhneoirí coimicí é Ruaille Buaillele gach saghas scéal idir na leathanaigh do dhaoine óga idir ocht agus timpeall 14 bliana d’aois. Is é an rud is tábhachtaí faoi seo ná go bhfuil siad déanta ag tallann in Éirinn. Bíonn scéalta ciúin, scéalta le cúpla focal agus scéalta lán le focail ar fáil ann. Tá gearrscéalta ann do gach leibhéal sna leathanaigh. Dáileann ÁIS Ruaille Buailledo shiopaí leabhair trasna an tíre. Uaireanta dáileann International Education Services, atá lonnaithe i Léim an Bhradáin, Ruaille Buailledo leabharlanna. Bíonn Coimicí Gael ag dáileadh Ruaille Buailledo scoileanna, leabharlanna agus grúpaí go díreach trí na ceardlanna de ghnáth. Mar mhodh margaíochta, bhíomar ar “The Late Late Toy Show” uair amháin - 15 minutes of fame - i Seachtain, Wicklow Voice, The Clare Champion, The Nationalist, Blas, Raidió na Life, Raidió na dTreabh, TG4, Cúla4, InTouch, Inis, Irish Comic News, Nós, RTÉ Culture online agus áiteanna eile.
Stop Coimicí Gael ag foilsiú greannáin i 2017 agus thóg mé sos as sin mar fuair mé post mar leabharlannaí páirtaimseartha i Leabharlann Chontae an Chláir, agus is breá liom an post. Tá mé fós ag obair mar leabharlannaí, mar shaor-mhaisitheoir agus mar áisitheoir ceardlainne chun greannáin a chruthú. Tá an-suim agam sa litearthacht. Bhí mé ag obair i siopaí leabhar ó 2000 go 2014 in Éirinn agus bhí mé ag obair i gCeanada mar dhíoltóir leabhar. Bhí mé ag obair mar cartúnaí agus maisitheoir ó 2000 go dtí anois. Chuir mé glaoch ar an nuachtán mícheart agus fuair mé post as sin. Is as sin a thosaigh mé ag obair mar chartúnaí gairmiúil. Thosaigh mé ag déanamh cartúin atá cosúil le The Far Side sa nuachtán Lái 2006. Bhí greannáin déanta agam san irisleabhar Comhar Óg. D’oibrigh mé do An Gúm agus áiteanna eile. D’oibrigh mé mar mholtóir ar phainéal Leabhair Pháistí Éireann chun leabhair na bliana a roghnaigh i 2014, 2015 agus 2016. Uaireanta, bím ag obair mar scríbhneoir, léirmheastóir agus róil eile mar sin.
Is aoibhinn liom greannáin mar mheán. Tá foilsitheoirí ar nós Leabhar Breac, Éabhlóid agus Dalen Éireann ag déanamh jab iontach lena leabhair atá déanta acu. Is aoibhinn liom na leabhair atá foilsithe ag Cló Mhaigh Eo chomh maith. Rinne sé jab iontach orthu. Áfach, ba mhaith liom níos mó rudaí a fheiceáil atá déanta ag daoine lonnaithe in Éirinn. Tá tallann iontach anseo in Éirinn. Tá siad ag obair le Marvel, The Beano, DC Comics agus foilsitheoirí eile den scoth thar lear. Tá aithne agam ar leaid atá ina chónaí in Inis a bhí ag obair ar Moon Knight. Tá tallann iontach le fáil anseo agus tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag cothú na cruthaitheoirí anseo chun saothair ar nós Dog Man, Calvin and Hobbes, Phoebe and Her Unicorn, agus Bunny Vs. Monkeya chuir ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine óga. As sin, b'fhéidir go mbeimid ábalta greannáin a shindeacáitiú le haghaidh irisleabhair, nuachtáin, foilsitheoirí úrscéalta grafacha nó irisí digiteacha i dteangacha eile.
Tá orainn níos mó rudaí a dhéanamh chun an Ghaeilge agus litearthacht chur chun cinn. Tá orainn rudaí a chruthú go minic tríd irisleabhar nó áiteanna eile. Tá leabhair tábhachtach agus b'fhéidir go mbeimid in ann bailiúcháin a dhéanamh den saothar i ndeireadh bliana. Úsáideann Garfield, Calvin and Hobbes, Big Nate, Phoebe and Her Unicorn, Asterix, The Smurfsagus roinnt greannán eile an rogha seo. Má bhíonn daoine ar a bhfón go minic, d’fhéadfadh go mbeadh gá le greannáin nua ar nós Webtoons agus Tapas, aipeanna a léann daoine greannáin ar an bhfón nó ar an táibléad. Cruthaítear greannáin le dearadh tarraingteach orthu. Bíonn léitheoirí ag scrollaigh síos trí scéalta chun iad a léamh. Tá a lán nasc curtha ar fáil agam i m’aighneacht. Táim saghas neirbhíseach; gabh mo leithscéal.
No comments