Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as sin a roinnt linn. Mar a dúirt mé, tá sraith údair, filí agus úrscéalaithe ann. Bhí muid ag súil go mbeadh roinnt daoine anseo atá an scríbhneoireacht mar cheird acu agus a thuileann airgead uaithi.

Tá duine acu tinn faoi láthair agus b’fhéidir nach mbeidh an té sin os ár gcomhair. Is é sin an sórt dream a bhfuil muid ag iarraidh ardán a thabhairt dó, gur féidir leo tuiscint a thabhairt dúinn faoin gceird atá acu, agus impeoimid orthu leanúint ar aghaidh leis. Ansin beidh muid in ann díriú isteach ar roinnt den stuif atá ag teastáil, bunaithe ar a bhfuil ráite ag na finnéithe agus ag daoine eile a tháinig os comhair an choiste.

Ba mhaith liom labhairt go díreach leis na leabharlanna poiblí i gcontaetha na hÉireann. Tá leabhair nua-aimseartha ar gach ábhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, stair, thaisteal, chúrsaí reatha agus araile á scríobh as Gaeilge gach bliain. Tá scríbhneoirí den scoth i mbun oibre ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus fhaisnéiseach seo, ach tá dualgas orainn an saothar luachmhar seo a chur ar fáil don phobal i ngach slí agus i ngach áit agus is féidir. Iarrann an comhchoiste ar na leabharlanna poiblí go mbeidh i bhfad níos mó leabhar as Gaeilge infhaighte agus infheicthe i ngach brainse de gach leabharlann phoiblí.

Tá feidhm lárnach ag na leabharlanna poiblí má táimid chun an sprioc sin a bhaint amach. Iarraim orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna a dhéanann siad gach bliain maidir leis na leabhair a chuireann siad ar fáil don phobal. Molaim dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna sin agus cothrom na Féinne nó fiú aird ar leith a thabhairt do shaothar na scríbhneoirí Gaeilge.

Sin é an take ó chruinniú an lae inniu. Cuirim clabhsúr leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas arís leis na finnéithe as cabhrú linn maidir leis an bplé seo. Níl aon ghnó eile. Cuirim an cruinniú ar athló go dtí 2 p.m. ar an 31 Bealtaine nuair a bheidh cruinniú príobháideach ar líne againn. Meabhraím do chomhaltaí go bhfuilimid chun tús a chur leis an bplé ar dhréacht-tuarascáil maidir le cúrsaí pleanála atá scaipthe orthu. Má tá tuairimí acu, bí cinnte iad a roinnt leis an gcléireachas roimh an gcruinniú sin.

Beidh ár gcéad cruinniú poiblí eile ar 1.30 p.m. ar an 1 Meitheamh, nuair a phléifear an t-ábhar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge le hionadaithe ó na foilsitheoirí Leabhar Breac agus Cló Iar-Chonnacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.