Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl aon cheist eile agamsa, seachas conas gur féidir linn an t-éileamh a chothú. Sin jab mór. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil na cruinnithe seo againn. Ar dtús táimid ag iarraidh an eolais a thógáil isteach agus ansin, mar choiste, déanfaimid moltaí do na foilsitheoirí, na leabharlanna, na siopaí agus na húdair maidir le conas gur féidir linn a chinntiú go gcuirfear le léitheoireacht na Gaeilge. Sin an fáth gur eagraigh muid an tsraith seo cruinnithe. Tá sé maíte orainn mar oileán agus mar thír go bhfuil litríocht na hÉireann go hiontach agus caithfimid a chinntiú go bhfuil litríocht agus léamh i nGaeilge ar fáil.

Ní ceist í seo ach ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le lucht na leabharlanna timpeall na tíre as an dá bhliain dheireanach. Rinne siad éacht chun seirbhísí a chur ar líne, cosúil le gach duine eile. Is rud nua dúinn ar fad é ach bhí seirbhísí ar fáil agus bhí daoine sásta go raibh leabhair ar fáil dóibh agus go raibh siad in ann léitheoireacht a dhéanamh. Measaim go bhfuil buntáiste bainte ag na leabharlanna as sin agus go bhfuil níos mó daoine ag féachaint orthu agus ag éileamh. I mo cheantar féin tá daoine ag éileamh breis uaireanta do na leabharlanna agus gach rud eile. Beidh muidne ag lorg níos mó infheistiú ón gcomhairle áitiúil i gcúrsaí foirne sa chaoi is gur féidir leis na leabharlanna fanacht oscailte agus an tseirbhís sin atá á éileamh ag an bpobal áitiúil agus daoine óga a chur ar fáil. Tá sé aisteach go bhfuil an draíocht sin fós ann i ndul go dtí an leabharlann, rud a bhí ann domsa agus daoine eile nuair a bhí muid óg. D’fhéadfá féachaint ar na leabhair seo ar fad, suí síos agus leabhair a tharraingt amach ó na seilfeanna. B’fhéidir nach gcuirfeá iad ar ais san áit cheart, mar sin jab an leabharlannaí, ach d’fhéadfá féachaint orthu agus ansin roinnt acu a thabhairt abhaile ar feadh tréimhse. Tá an chuma air go bhfuil an draíocht sin á roinnt ag na finnéithe le glúin nua agus go leanfaidh na leabharlanna ó fadó ar aghaidh. Bíonn daoine ag rá go bhfuil deireadh leis na leabharlanna toisc go bhfuil gach rud ar líne agus is léir anois nach bhfuil. Mo bhuíochas leis na finnéithe as teacht anseo agus an méid a thug siad dúinn agus a roinn siad linn inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.