Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh mé ar aghaidh le cúpla ceist eile atá agam. Beidh foilsitheoirí os ár gcomhair mar chuid den tsraith seo. Beidh Cló Iar-Chonnachta agus Leabhar Breac linn an tseachtain seo chugainn. Beidh dreamanna eile agus údair ag teacht os ár gcomhair freisin. Bhí ionadaithe ó shiopaí leabhar os ár gcomhair. Tá sraith ábhair á phlé againn maidir leis seo. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoin sórt leabhar atá ag teastáil amach anseo? Agus mé ag féachaint isteach ar na leabharlanna, glacaim leis gur leabhair do leanaí iad a lán de na leabhair Ghaeilge atá ann. Tá siad gleoite agus tá pictiúir iontacha iontu. Is breá le páistí iad agus is cuma leo cén teanga atá ann mar beidh daidí nó mamaí á léamh dóibh. Uaireanta déanann foireann na leabharlainne nó na húdair, nuair a thagann siad isteach, é sin dóibh chomh maith. Chuala mé teachtaireacht amháin do na foilsitheoirí. Bhí an tuairim ann go bhfuil na leabhair ródheacair. Má tá Gaeilge líofa agat agus má tá léamh na Gaeilge éasca duit, is féidir leat aon leabhar a phiocadh suas díreach mar is féidir leat le leabhair i mBéarla. Ón méid a chuala mé, tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil na leabhair Ghaeilge ródheacair dóibh. Táim ag lorg sórt treorach chun gur féidir liom na ceisteanna seo a chur ar na foilsitheoirí agus ar na húdair amach anseo.

Ó thaobh imeachtaí de, cad iad na himeachtaí breise a bhíonn ann? An mbíonn seoltaí leabhair nó ócáidí do dhaoine níos sine ann? Tá a fhios agam go mbíonn stuif ann do pháistí chun iad a mhealladh isteach sna leabharlanna. Diaidh ar ndiaidh, tá na leabharlanna ag éirí níos fearr agus níos nua-aimseartha. Tuigeann na daoine óga é sin ach uaireanta ní thuigeann na daoine níos aosta nach bhfuil sé de nós acu dul isteach sna leabharlanna é sin. Tá leabharlann 100 slat ó mo theach so feicim an dream atá ag dul isteach ann. Is iad roinnt acu an dream ceannann céanna atá tar éis a bheith ag dul isteach le 50 bliain anuas agus is iad roinnt eile daoine óga. Tá spás i lár baill. Conas is féidir linn an dream sin a mhealladh isteach sna leabharlanna agus a mhealladh chun leabhair Ghaeilge a léamh?

Tá ceist amháin eile agam. Scríobh mé síos áit éigin é. Bhí an lucht ón nGaillimh ag caint faoi Léamh Mór na Gaillimhe. Cé mhéad duine atá gafa leis seo? Ní scríbhneoireacht Ghaeilge amháin atá i gceist, an ea? An bhfuil an Béarla agus an Ghaeilge i gceist? Má tá, cén céatadán atá á chraobhscaoileadh as Gaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.