Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is fada an lá atá mé ag fanacht leis an gcothromaíocht seo. Gabhaim míle buíochas as ucht na hóráidí, idir an cheann gearr agus an cheann fada. Cad iad na dúshláin a fheiceann na finnéithe ar an talamh maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn? Is í sin an cheist ghinearálta. Cad iad na dúshláin? An bhfuil a dhóthain foirne agus acmhainní ag na seirbhísí leabharlainne? Tá a fhios againn atá ar an gcoiste seo go bhfuil dúshláin faoi leith ó thaobh na Gaeilge de ar gach bealach. Tá dúshláin ann sna Ranna éagsúla. Cosúil leis na finnéithe, táimid i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh. Go ginearálta, cad iad na dúshláin atá os a gcomhair? Cad iad na rudaí is féidir linne, mar pholaiteoirí, a dhéanamh? Is í sin mo chéad cheist ach tá cúpla ceist níos sonraí agam ó thaobh Bhaile Átha Cliath de.

Is ceann de na difríochtaí idir an dá chur i láthair ná gur luaigh na hoifigigh ó Ghaillimh go bhfuil deacracht faoi leith ina seirbhís féin maidir leis - gabh mo leithscéal, tá an Béarla agus an Ghaeilge os mo chomhair agus táim measctha suas - an Oifig um Sholáthar Rialtais agus procurement. Luaigh siad go bhfuil deacracht faoi leith ag baint leis an gcóras sin. Ní deacracht é ach is tríd an gcóras sin a bhfaightear cead leabhair nó earraí a fháil. Is é sin an t-aon bhealach. B'fhéidir go mbeidh Bernie Kelly in ann tuilleadh sonraí a thabhairt dúinn maidir leis na deacrachtaí atá cothaithe ansin. An bhfuil an fhadhb chéanna ann i mBaile Átha Cliath? Is ceist shonrach é sin mar níor luaigh na hoifigigh ó Bhaile Átha Cliath an deacracht chéanna. Cuirfidh mé na ceisteanna agus is féidir leis na finnéithe freagraí a thabhairt ansin. Cén fáth go bhfuil idirdhealú idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath?

Luaigh na finnéithe ó Bhaile Átha Cliath fadhb atá ann, is é sin go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge páirt a ghlacadh sna hardáin dhigiteacha. B'fhéidir gur féidir leo tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoi sin. Cad atá taobh thiar den deacracht sin? Ní thuigim. Tá easpa taithí i gceist ar mo thaobh.

Rachaidh mé ar ais go Gaillimh agus an Ghaeltacht is mó sa tír. De réir an daonáirimh, tá duine as beirt in ainm Gaeilge a bheith acu. Tá freagracht thromchúiseach ar an leabharlann i nGaillimh de bharr na bhfigiúirí sin, nach bhfuil? An bhfuil na figiúirí sin aligned leis an éileamh? An bhfuil éileamh mór ar sheirbhísí na leabharlainne de bharr na bhfigiúirí sin? Luadh na tionscadail preab isteach sa scéal agus réaltaí samhraidh. An bhfuil siad sin ag feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla nó i nGaeilge amháin? Is iontach an rud é gur éirigh beirt as Conamara sa chomórtas Europe Direct Soapbox. An bhfuil sé sin oscailte do gach teanga ar fud na hEorpa? An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin? Is éacht go bhfuil beirt as Conamara tar éis an chéim is airde a fháil ansin.

Ceapaim go bhfuil na finnéithe ag obair le hearnáil atá thar a bheith tábhachtach ar an-mhéid bealaí. Is tábhachtach é ó thaobh féiniúlacht a chothú ag daoine, ó thaobh na Gaeilge de, ó thaobh an Bhéarla, ó thaobh na léitheoireachta go ginearálta agus ó thaobh an daonlathais de. Tá ról thar a bheith lárnach ag gach leabharlann agus ní mór dúinn, mar pholaiteoirí, tacaíocht 100% a thabhairt dóibh. B'fhéidir go bhfreagróidh na finnéithe na ceisteanna sonracha sin agus b'fhéidir go mbeidh deis agam teacht ar ais ina dhiaidh. Cén chaoi is féidir linn cabhair a thabhairt maidir leis na dúshláin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.