Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Poist Dhátheangacha sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Mr. Liam Sinclair:

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, trína suíomh gréasáin, publicjobs.ie, an soláthraí lárnach de sheirbhísí earcaíochta don Státseirbhís. Cuirimid seirbhísí earcaíochta ar fáil chomh maith do na róil is sinsearaí in údaráis áitiúla, do phoist cheannaireachta, do róil mar chomhairligh in ospidéil na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, FSS, don Gharda Síochána agus do phoist ghairmiúla agus theicniúla i speisialtachtaí éagsúla san earnáil phoiblí.

Léiríonn an léaráid atá á taispeáint cuid de na róil lena ndéileálann muid. Tosaíonn sé leis an oifigeach cléireachas. Bíonn rudaí níos speisialaithe luaite freisin ar nós seandálaithe agus gardaí faoi oiliúint. Chomh maith le harduithe céime sa Gharda Síochána, is air sin a mbím féin ag obair ó lá go lá. Feictear na boird Stáit. Tagann iad sin faoin tseirbhís freisin. Feictear oibrithe teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide freisin. Is iad sin na daoine a mbíonn ag obair leis na ríomhairí.

Tá deiseanna ann d'fhágalaithe scoile, do chéimithe agus dóibh siúd atá ag aistriú gairme. Tá róil shealadacha agus bhuana ann. Tá deiseanna lárghairme agus d'fheidhmeannaigh shinsearacha. Tá iarrthóir ó chúlraí éagsúla a bhfuil scileanna éagsúla acu á lorg againn chun a bheith ag obair i róil éagsúla san earnáil phoiblí. Agus muid ag ullmhú don bhliain 2030, aithnítear trí sprioc inár straitéis maidir le tallann a mhealladh trí thionscnamh tábachtach margaíochta do scoileanna. Is iad na spriocanna sin: daltaí a spreagadh, suim a mhúscailt agus smaointeoireacht chruthaitheach a bheith ag croílár na straitéise.

Bhí a fhios againn nach raibh mórán feiceálachta againn i scoileanna le roinnt blianta anuas. Ní raibh mórán eolais ag na scoileanna fúinn agus bhí mearbhall uaireanta orthu mar gheall ar an earnáil phoiblí. Cumadh an téarma "na daoine ceilte". Baineadh úsáid as na focail seo a leanas: "éiginnte", "doiléir", "deacair a thuiscint" agus "soiléiriú ag teastáil", agus rinneadh tagairt do speisialtóirí sna scoileanna. Ní raibh daoine muiníneach agus iad ag múineadh faoin earnáil phoiblí. Ní raibh mórán eolais acu ar na róil ná na deiseanna a bhí ann ach amháin na gnáthróil leithéidí gardaí, altraí agus múinteoirí.

Chun dul i ngleic leis seo, d'fhorbair muid cur chuige ina bhfuil dhá ghné: eolas cuimsitheach do threoirchomhairleoirí agus an cur i láthair. Tá ár gcur chuige cosúil le cnoc oighir. Tá cur chuige ina bhfuil dhá ghné in úsáid againn. Maidir le heolas cuimsitheach, caithfimid obair dhian a dhéanamh chun na treoirchomhairleoirí a thabhairt linn agus acmhainní oideachais a chur ar fáil gur féidir leo úsáid a bhaint astu sa seomra ranga láithreach. Is é sin le rá go gcuirimid na smaointe le chéile dóibh. D'oibríomar go dlúth le comhairleoirí oideachais agus le grúpa treoirchomhairleoirí chun na hacmhainní a fhorbairt. Chinntíomar go dtagann siad leis an gcuraclam atá in úsáid agus go bhfuil siad inrochtana. Tá an cur i láthair ag teastáil uainn chomh maith. Is é seo an ghné den chur chuige a fheiceann daoine. Is é an comórtas a spreagann plé agus a thugann cúis dúinn dul i dteagmháil le scoileanna. Cleas atá ann do na daltaí. Mar is eol dúinn, níl mórán suime ag daltaí san earnáil phoiblí, ach nuair a chuirimid chun cinn í ar bhealach mealltach le comórtas fógraíochta, bíonn i bhfad níos mó suime acu inti. Tosaíonn siad ag díriú uirthi mar chuid dá staidéar ar na meáin i ranganna ealaíne, i ranganna scannánaíochta agus mar sin de. Dírítear ar dhaltaí san idirbhliain ach go háirithe.

Táim ag taispeáint leathanach dár suíomh gréasáin, publicjobs.ie, ar an scáileán. Cuireann pacáiste acmhainní publicjobs.iedo scoileanna eolas ar fáil faoi ghairmeacha san earnáil phoiblí ar bhealach nua do threoirchomhairleoirí agus múinteoirí eile chun plé ar dheiseanna gairme san earnáil phoiblí a spreagadh le daltaí agus lena dtuismitheoirí.

Trí thaighde a dhéanamh le daltaí agus le múinteoirí, shocraíomar ar eolas a chur ar fáil i bhfoirm bhlúiríní mar go mbíonn suim ag an nglúin seo in ábhair den chineál seo. Bhí fonn orainn dearadh cruthaitheach agus spraíúil a úsáid. Mar sin, bhaineamar úsáid as cuid de na gnéithe atá le feiceáil ar ardáin mheáin shóisialta. Mar chuid den choincheap cruthaitheach seo, bhí muid ag iarraidh tuairimí coitianta a cheistiú. Bainimid leas as na híomhánna is suimiúla den earnáil phoiblí agus cuirimid na híomhánna seo i gcomparáid le sean-nathanna a mbaintear úsáid astu go minic chun cur síos a dhéanamh ar oibrithe san earnáil phoiblí, mar shampla, an frása "oibrí oifige" nó "pen-pusher". B'fhéidir gur chuala na baill an frása seo roimhe seo i gcomhthéacs obair na hearnála poiblí. Déanaimid an frása seo a cheistiú agus taispeánaimid íomhá ina bhfuil peann epinephrine in úsáid ag duine. Is sampla é an téarma "maidrín lathaí" nó "dogsbody". Déanaimid an frása seo a cheistiú agus feicfimid láimhseálaí madra ón rannóg custaim i mbun oibre.

Is é an méid atá á thaispeáint anois ná acmhainní do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí. Anseo, gheofar gach ní atá ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus iniúchadh a dhéanamh acu ar an earnáil phoiblí agus ar na gairmeacha a mbeidh siad in ann teacht orthu. Tá gach ní ar fáil in aon rannán amháin. San áireamh sna hacmhainní seo tá pointí inmhúinte do ranganna idirbhliana, ranganna ardteistiméireachta feidhmí agus ranganna ghairmchlár na hardteistiméireachta a chabrófar le múinteoirí an earnáil phoiblí a mhíniú dóibh ar bhealach taitneamhach, úsáideach agus mealltach. Is í an chaoi ina n-oibríonn sé seo ná gur phlean ceachta é sa phaca acmhainní do scoileanna. Díríonn gach plean ceachta ar thopaic ar leith a bhaineann le gairmeacha san earnáil phoiblí. Tá na nithe seo a leanas san áireamh: sleamhnáin Powerpoint, treoracha do mhúinteoirí, bileoga oibre agus gníomhaíochtaí do dhaltaí. Is féidir gach plean ceachta a íoslódáil.

Baineann mo chéad sleamhnán eile leis an gcomórtas chur i láthair. Is bealach spraíúil é comórtas fógraíochta publicjobs.iedo scoileanna chun dúshlán a chur roimh dhaltaí a gcuid scileanna cruthaíochta digiteacha agus cumarsáide a léiriú agus iad ag foghlaim faoi dheiseanna gairme a bheidh ar fáil dóibh san earnáil phoiblí amach anseo. Chun cur isteach ar an gcomórtas, ní mór do dhaltaí físeán 30-soicind a chruthú ina ndéanann siad an earnáil phoiblí a chur chun cinn mar chonair ghairme mhealltach dá bpiaraí. Is féidir le daltaí díriú ar aon cheann de na ghairmeacha ginearálta san earnáil phoiblí, ar dhuine a bhfuil aithne acu air nó uirthi a oibríonn san earnáil phoiblí nó ar ról ar leith a bhfuil suim acu ann. Ní hamháin go spreagfaidh an comórtas seo foghlaim idir phiaraí mar chuid de chur chuige i leith na treoracha a bhaineann leis an scoil i gcoitinne, ach is gníomhaíocht neartaithe foirne den scoth é an cur i láthair gur féidir le gach dalta sult a bhaint as. Is féidir le daltaí cur isteach ar an gcomórtas ina n-aonar nó i ngrúpaí ina bhfuil suas le seisear. Is féidir le baill breathnú ar an bhfíseán atá ar an scáileán. Tabharfaidh mé an URL dóibh ag an deireadh.

D'fhreagair os cionn 100 dalta iarbhunscoile ó scoileanna ar fud na tíre an dúshlán i mbliana agus seoladh físeáin isteach i nGaeilge agus i mBéarla. Ba é Daithí Ó Loinsigh, atá anseo, buaiteoir iomlán an chomórtais. Bhí deis aige na scileanna meán nua atá foghlamtha aige a úsáid chun an Taoiseach a chur faoi agallamh maidir lena ghairm go dtí seo. Sa dara háit bhí Royal and Prior School, Dún na nGall, agus Boherbue Comprehensive School, Corcaigh. Bhí deis ag an bhfoireann ó Dhún na nGall scileanna tarrthála praiticiúla a fhoghlaim ar thuras go bunáit héileacaptair Gharda Chósta na hÉireann.

Beidh an deis ag an bhfoireann ó Chorcaigh páirt a ghlacadh i rólghlacadh póilíneachta leis An nGarda Síochána.

Is féidir acmhainní don chomórtas, an cur i láthair, a íoslódáil, inar féidir treoracha do mhúinteoirí a fháil, mar aon le hacmhainní don seomra ranga chun cabhrú le daltaí ullmhúchán a dhéanamh agus iad ag iarraidh físeáin a chur isteach mar chuid den chomórtas. Mar shampla, is féidir eolas a fháil faoi na gairmeacha, conas script a scríobh, conas scéalchlár a dhéanamh agus noda maidir le físeáin a scannánú. I gceacht 1, iarrtar ar dhaltaí taighde a dhéanamh ar an réimse leathan deiseanna gairme agus bealaí iontrála san earnáil phoiblí agus leagtar béim ar leith ar an bhfoghlaim féinstiúrtha. Tá ceacht 2 bunaithe ar an gcaoi ar féidir fógraí a phleanáil agus a dhéanamh agus tá a lán leideanna agus noda úsáideacha ann do dhaltaí. Léiríonn an sleamhnán seo an plean roimh bliain 5 den straitéis, is é sin 2026. Táimid ag iarraidh go mbeidh 70% de na scoileanna páirteach. Leathnóimid an tionscnamh go grúpaí eile agus beidh níos mó rannóige den státseirbhís páirteach ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.