Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Poist Dhátheangacha sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Ms Leah O'Neill:

Gabhaim buíochas as an deis labhairt leis an gcoiste inniu. Is oifigeach cléireachais mé ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge anseo i dTithe an Oireachtais. Thosaigh mé ag obair i dTithe an Oireachtais i Meán Fómhair 2020, beagnach dhá bhliain ó shin. Seo mo chéad phost sa státseirbhís. B’fhéidir go mbeidh níos mó taithí ag cuid de na daoine eile atá i mbun cainte anseo inniu ach táim ag iarraidh labhairt leis na finnéithe maidir leis an taithí a fuair mé féin le dhá bhliain anuas.

D’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaoimhín ar Shráid Mhaoilbhríde i lár na cathrach, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar mheánscoil lán-Ghaeilge, an scoil chéanna ina bhfuil cuid de na finnéithe atá anseo inniu, Coláiste Mhuire i gCabrach. Nuair a bhí mé ar mheánscoil, ní raibh cliú dá laghad agam faoi cad a theastaigh uaim a dhéanamh agus mé ag fágáil na scoile. Dá mbeadh níos mó eolais agam faoin státseirbhís ag an am, ceapaim féin gurb é sin an bealach a bheinn téite i mo shaol oibre. I mo bhliain dheireanach ar scoil, thosaigh mé post san earnáil mhiondíola leis an gcomhlacht Power City agus ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag plé le hathchúrsáil agus cúrsaí dramhaíola le Thorntons Recycling, áit a raibh mé ag obair sa rannóg sheirbhíse do chustaiméirí agus sa rannóg chreidmheasa.

Nuair a fuair mé an post sa státseirbhís i dTithe an Oireachtais, ní raibh mé tar éis mo Ghaeilge a úsáid ar feadh ocht mbliana. Ba mhór an trua í sin. Bhí an-ghrá agam don teanga agus bhí mé tar éis a lán ama a chaitheamh ag foghlaim na teanga ón am a thosaigh mé ar scoil, nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois, go dtí gur fhág mé an scoil nuair a bhí mé 18. Sin 14 bliain san iomlán. Ar mo chéad lá anseo, ní raibh a fhios agam gur post lán-Ghaeilge a bhí ann. Nuair a labhair mé le mo bhainisteoir, Eoghan, don chéad uair, bhí mé an-neirbhíseach ag labhairt as Gaeilge arís mar nach raibh aon mhuinín agam ionam féin. Spreag Eoghan mé i mo chuid Gaeilge toisc go raibh a fhios aige go raibh an teanga agam. Rinne mé cúrsa nó dhó a chuir Tithe an Oireachtais ar siúl agus ó shin, bhog mé ar aghaidh chun cúrsa creidiúnaithe teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a dhéanamh ag leibhéal 5, agus tá leibhéal 6 ar bun agam faoi láthair.

Úsáidim an Ghaeilge gach lá i mo shaol oibre agus anois tá taithí agus muinín agam chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh gach lá ag an obair. Tá seans agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh le mo chomhghleacaithe, le comhaltaí an choiste, finnéithe nó cuairteoirí a fhreastalaíonn ar Theach Laighean, agus le neart daoine eile. Seolaim mo ríomhphoist i nGaeilge, cuirim glaonna gutháin ar dhaoine i nGaeilge agus déanaim mo chuid iarratais agallaimh cruinnithe, ar nós mo dhul chun cinn agus forbairt san áit oibre, go hiomlán i nGaeilge. Ar an mbealach seo, buaileann tú le daoine a dhéanann iarracht labhairt leat i nGaeilge fiú muna bhfuil Gaeilge acu. Déanfaidh siad iarracht cúpla focal a úsáid chun a gcuid Gaeilge féin a chleachtadh trí ríomhphost a sheoladh ar ais chugat as Gaeilge, cur i gcás. Tá an-éileamh anois sa státseirbhís ar dhaoine go bhfuil Gaeilge acu. Tá buntáistí ag baint leis sin do dhaoine óga, ar nós na bhfinnéithe, ós rud é go bhfuil an inniúlacht sin sa teanga acu. Fiú muna gceapann siad go bhfuil an fhéinmhuinín acu post lán-Ghaeilge a fháil, tá deiseanna ann a nGaeilge a fheabhsú tar éis an phoist sin a fháil sa státseirbhís, trí chúrsaí Gaeilge difriúla a dhéanamh agus trí chleachtadh. Tá na finnéithe go léir breá ábalta cur isteach ar phoist mar seo. Tá súil agam go bhfuil an méid atá ráite agam inniu tar éis iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar phoist san earnáil phoiblí agus sa státseirbhís, agus gairm bheatha a bhaint amach ina mbeidh an dátheangachas mar bhuntáiste dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.