Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Poist Dhátheangacha sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Ms Aoife Mitchell:

I dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh labhairt leis an gcruinniú inniu maidir le mo thaithí mar dhuine le Gaeilge sa státseirbhís.

Is as Contae Mhaigh Eo dom ó dhúchas ach táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, áit a oibrím mar oifigeach riaracháin sa Roinn Oideachais. Cuireadh tús le mo nasc nó mo chaidreamh leis an nGaeilge agus mé i mo pháiste ag freastal ar Ghaelscoil na gCeithre Maol i mBéal an Átha. Cé nach raibh Gaeilge ag mo thuismitheoirí, i ndáiríre, thuig siad fiú amháin ag an bpointe sin an tábhacht a bhaineann le dátheangachas agus bhí meas acu ar an nGaeilge mar ár dteanga dhúchais. D’fhág mé an scoil bheag sin le líofacht Ghaeilge ach, in éineacht leis sin, grá don teanga agus don chultúr chomh maith.

D’fhreastail mé ar ghnáth-mheánscoil ansin toisc nach raibh Gaelcholáiste sa cheantar, agus níl ceann fós ann, ach mhothaigh mé i gcónaí go raibh rud éigin in easnamh domsa ar aon nós. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh filleadh ar ais ar an saol lán-Ghaeilge sin. Chríochnaigh mé an ardteistiméireacht agus beagnach ag an nóiméad deiridh, roghnaigh mé an cúrsa Gaeilge agus iriseoireachta a dhéanamh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh Róisín O’Hara, atá ar mo thaobh clé liom anseo, ina léachtóir agam.

Thosaigh mé an cúrsa sin in 2013 ag foghlaim na scileanna atá de dhíth ar dhuine mar iriseoir agus bhí sé seo déanta, beagnach, ar fad trí mheán na Gaeilge. Ni raibh ach modúl anois is arís againn i mBéarla agus muidne measctha le mic léinn eile. Fad is a bhí mé ann, d’fhorbair mé mo scileanna iriseoireachta, cinnteoireachta, scríbhneoireachta agus craoltóireachta, go hairithe, ach freisin bhí seans agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge toisc go raibh sí in úsáid agam gach uile lá le mo léachtóirí agus le mo chomh-mhic léinn uilig. Bhí deiseanna ó thaobh na Gaeilge de ar fáil taobh amuigh den rang freisin, ar ndóigh, agus scríobh mé le haghaidh an nuachtáin, The College View, bhí clár raidió agam ar feadh seal chomh maith, agus bhí mé sáite sa Ghaeilge go hiomlán.

D’fhág mé an ollscoil in 2016 agus, mar is eol don lucht éisteachta b'fhéidir, bhí an margadh fostaíochta thar a bheith deacair ag an am. Ní raibh mé ró-chinnte an raibh saol an iriseora go hiomlán oiriúnach dom ach bhí a fhios agam freisin go raibh an-suim agam i gcúrsaí reatha agus sa pholaitíocht chomh maith. Is mar gheall air sin a chas mé ar an státseirbhís ar an gcéad dul síos. Ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith sa státseirbhís agus ní raibh leid dá laghad ag mo chlann nó ag mo chairde céard a bheadh ar siúl agam. Chonaic mé fógraí, ámh, le haghaidh poist mar oifigeach cléireachais agus oifigeach riaracháin as Gaeilge agus thuig mé go díreach go mbeadh buntáiste agam mar gheall ar mo chéim agus mo Ghaeilge chomh maith. Chuir mé isteach ar na poist sin ar fad agus is beag nár chuir mé isteach ar na poist sin faoi dhó, toisc go raibh mé ag léiriú mo chuid spéise sa sruth Gaeilge in éineacht leis an gceann i mBéarla. Tar éis agallaimh agus scrúduithe ar leith a dhéanamh, chomh maith le scrúdú béil agus scrúdú scríofa sa Ghaeilge chun mo chumas dátheangach a léiriú, d’éirigh liom áit a fháil ar an bpainéal.

Chuir me tús le mo ghairm i Roinn an Taoisigh a bhí thar a bheith spéisiúil. Is post sa sruth Gaeilge a bhí ann. Bhí mé ag obair san oifig phríobháideach agus freagrach as comhfhreagras an Taoisigh i mBéarla agus i nGaeilge. Bhog me ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais tar éis cúpla bliain, áit a bhfuilim fós ag obair anois. Den chuid is mó, táim freagrach as cur i bhfeidhm an bheartais Gaeilge ansin, ag cinntiú go bhfuilimid ag comhlíonadh ár bhfreagrachtaí do phobal na Gaeilge, agus ag géilleadh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dár scéim teanga chomh maith. Bhí seans agam in 2019 dul ar iasacht go dtí Seirbhís Thithe an Oireachtais anseo chun a bheith i mo chomhairleoir beartais. D’oibrigh mé ar dtús ar an gCoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, mar a bhí sé ag an am, ach tar éis an olltoghcháin in 2020, bhog mé chuig an gcoiste seo. Le linn dom machnamh a dhéanamh ar mo chuid ama go dtí seo sa státseirbhís, rith sé liom go bhfuil sé soiléir go bhfuil go leor deiseanna fostaíochta ann toisc go bhfuilim i mo Ghaeilgeoir. Tá sé soiléir freisin go dtugann an státseirbhís deis dom. Ní as an nGaeltacht mé agus, mar sin, táim i mo fhoghlaimeoir agus beidh mé i mo fhoghlaimeoir i gcónaí. Sa státseirbhís, toisc go bhfuil an Ghaeilge in úsáid agam gach uile lá, bíonn seans agam feabhas a chur ar mo scileanna teanga agus táim ag obair mar bhall de phobal na Gaeilge ar son phobal na Gaeilge. Ar bhonn pearsanta, tá an-sásamh ag baint leis sin.

Go raibh maith ag ár lucht éisteachta as a bheith ag éisteacht liom inniu. Tá súil agam go raibh sé úsáideach dóibh agus go léiríonn sé an áit lárnach atá ag an nGaeilge i mo shaol agus sa státseirbhís chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.