Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na daltaí ó trasna na tíre, go mór mór daltaí Choláiste na bPiarsach ó Ros Muc i gConamara. Bhí mé ag éisteacht ó m'oifig leis an méid a bhí le rá acu go léir. Tá tuairimí an-suimiúil curtha in iúl acu. Tá sé ráite ag an Teachta Connolly go mbeidh toradh iontach ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ó thaobh chéatadán earcaíochta de 20% sa tseirbhís phoiblí. Déanann sé sin an-difríocht do thodhchaí daoine atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil suim acu obair sa tseirbhís phoiblí. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeimid in ann é a chur i bhfeidhm. Is é sin an fáth go bhfuil an coiste comhairleach speisialta bunaithe anois idir na Ranna. Beidh lámh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa phróiseas earcaíochta laistigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh ról láidir tábhachtach aici den chéad uair. Tá sé sin fíorthábhachtach ó thaobh an chéatadáin de 20% a bhaint amach chun go mbeadh daoine cosúil leis na daltaí in ann poist a fháil sa státseirbhís sna blianta amach romhainn agus impleacht mhór a bheith acu sa tseirbhís phoiblí sa todhchaí. Is rud fíorthábhachtach é sin.

Is é an rud eile atá tábhachtach ná an próiseas atá ag dul ar aghaidh faoi sheirbhís leathanbhanda do gach uile theach, ghnó agus fheirm trasna na tíre agus na ceantair Ghaeltachta ina measc. Beidh sé fíorthábhachtach do dhaoine, a mbeadh suim acu ann, deis a bheith acu obair óna mbaile agus óna gceantar féin. Tá an-jab déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na gréasáin dhigiteacha, na Gteic. Bhí sé chun tosaigh ar an ábhar seo. Tá a lán cainte anois faoi obair ón mbaile agus obair ón gceantar áitiúil agus na hubs trasna na tíre. Bhí Údarás na Gaeltachta chun tosaigh ar an ábhar seo. Tréaslaím leis as an obair atá déanta aige, ag an mbord bainistíochta agus ag bord an údaráis freisin. Tá Gteic trasna na Gaeltachta agus tá cuid acu fós le tógáil agus le hoscailt ach tá an-obair déanta ag an údarás. Déanann sé sin an-impleacht ó thaobh deiseanna agus fostaíochta sa Ghaeltacht agus i gceantar na ndaltaí i Ros Muc, in Iorras Aithneach, i gCeantar na nOileán agus ar na hoileáin freisin.

Cuirim fáilte roimh na daltaí chuig an gcomhchoiste. Gabhaim buíochas leo as teacht agus as labhairt linn faoina gcuid tuairimí ar ábhar na Gaeltachta, na tuaithe agus na ndaoine óga agus maidir leis na deiseanna agus dúshláin atá ag na daltaí ó thaobh na teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.