Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist agam. Cuirfidh mé mo ladar isteach ag an staid seo. Conas is féidir linn, mar shochaí, déileáil leis an gcíocras chun teicneolaíocht nua atá ann? Táim ag caint faoi gach duine seachas faoi ghlúin ar leith. Táimid ar fad ag iarraidh fón póca den scoth agus go mbeidh an t-eolas ar fad ar líne againn chomh tapa agus is féidir ach tá a fhios againn an damáiste a dhéanann an teicneolaíocht sin. Táim ag caint faoi na hionaid sonraí timpeall na tíre atá ag úsáid an leictreachais ar fad agus ag cothú fadhbanna dúinn don todhchaí. Conas is féidir linn tabhairt faoi sin?

Tá ceist agam do Chaitlín de Buitléir toisc go bhfuil cónaí uirthi áit éigin sa chathair. Ar aithin sí aon athruithe móra timpeall na cathrach le cúpla bliain anuas toisc na paindéime? Táim ag caint faoi phlandaí nua agus daoine ag tabhairt aire don éiceolaíocht sa chathair. Tá an éiceolaíocht atá againn sa chathair iomlán difriúil ón éiceolaíocht atá ann lasmuigh di. Tá dualgais dhifriúla orainn ó thaobh na cathrach de. D'aithin mise athruithe. Níl a fhios agam cé chomh leanúnach is atá siad. Tháinig éin agus bláthanna nach raibh le feiceáil de bhlianta anuas ar ais nuair a bhí gach rud ciúin ar feadh tamaill. Tá súil agam go bhfuil sé sin feicthe ag daoine eile. Má tá, conas is féidir déanamh cinnte go leanfaidh na hathruithe seo? Tabharfaidh mé deis do Chaitlín de Buitléir agus ansin casfaidh mé ar Dháithí Ó Loinsigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.