Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mise mall ag freastal ar an gcruinniú agus ba mhaith cúpla ceist agam a chur ar Éanna Ó Caollaí. Ar labhair sé leis na hollscoileanna faoi na hintéirneachtaí mar tá a leithéid anseo, mar shampla, in éineacht leis na hollscoileanna? Is iad na hollscoileanna a chuireann na daoine ar fáil agus a bhreathnaíonn amach ar gach uile shórt ruda seachas nuair atá siad anseo go fisiciúil, nuair is ga dúinn na hoifigí a chur ar fáil dóibh. Ar labhraíodh leis na hollscoileanna faoi sin? Ceapaim go mbeadh siad lán-oscailte faoi sin, mar go mbíonn go leor daoine ag teacht chugainn ag lorg a leithéid de thaithí oibre.

Aontaím go hiomlán leis an méid a bhí le rá ag an bhfinné faoin ngá atá le hardchúrsaí i scríobh agus i ngramadach na Gaeilge. Ar labhair sé le Fiontar agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh maidir leo sin a chur ar fáil? Samhlaím go mbeadh na hintéirneachtaí ceangailte leis sin agus go bhféadfadh daoine an cleachtadh a dhéanamh. Níl aon rud níos fearr ná dul agus an taithí oibre a fháil ar an talamh.

Baineann mo cheist dheiridh, mar tá an t-am éirithe gann, leis an méid a bhí á rá ag Éanna Ó Caollaí faoi thaighde socheolaíoch. Ar labhair an nuachtán leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge faoi mhaoiniú a chur ar fáil chuige sin? Tá a fhios agam féin nuair a bhí an tAthair Micheál Mac Gréil ag déanamh staidéar ar chúrsaí pobail agus cúrsaí socheolaíochta go ginearálta in Éirinn, go bhfuair sé airgead ó Roinn na Gaeltachta le haghaidh na caibidle Gaeilge agus fuair sé airgead ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí le haghaidh na caibidle ar an Lucht Taistil. Tá fasaigh ann, agus i gcónaí nuair atáthar ag plé leis an Stát, nuair a deirtear nach féidir rud a dhéanamh, is deas an rud fasach a bheith ann. Arís ar ais, ar labhraíodh leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge? Feictear domsa go luíonn sé le réasún dá mhéad eolais atá ag duine, is mó atá an duine sin in ann díriú ar an margadh. Is é sin mo chuid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.