Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 27 April 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas. Is trua gur thóg sé an méid ama seo chun é sin a dhéanamh. Táim ag déanamh pointe ginearálta ar an gcoiste seo i gcónaí maidir leis an nGaeilge agus ag labhairt faoin méid atá ag tarlú. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre agus níl an dara rogha againne nó ag aon eagraíocht, dá réir, ach dul i ngleic leis an dúshlán agus leis an bhfreagracht sin. Maith dom má táim ag gníomhú mar seo i gcónaí mar tá sé deacair. Táim ag tnúth leis an bpolasaí seo a fheiceáil.
Rinne an Cathaoirleach tagairt don rud seo cheana féin in aguisín 2, áit a bhfuil liosta fada den mhaoiniú atá á fháil ag gach eagraíocht, agus tá sé sin go maith. Bhreathnaigh mé air agus feicim mar seo é. Tá féile liteartha ann le gné láidir Ghaeilge ann. Baineann an chomhairle úsáid as an gcritéar sin "le gné laidir Ghaeilge". Amanna eile luaitear an tiomantas don Ghaeilge agus arís eile luaitear roinnt imeachtaí atá ar siúl. Tá cuid acu ansin agus níl aon chritéar nó toradh leagtha amach ansin. Cén sórt monatóireachta atá ar siúl maidir leis na heagraíochtaí uile i dtaobh na critéir atá leagtha amach ag an gcomhairle nuair a thugann sí airgead amach dóibh?
No comments