Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Tá mé cinnte go ndéanann gach nuachtán a thaighde féin, mar a dhéanann muidne. Bheinn ag súil leis go mbeadh sé seo mar cheann de na moltaí sa tuairisc.

Maidir leis an gcéad chéim eile agus an droichead sin a luaigh mé, nuair a fhágann daoine an ollscoil, go minic briseann an nasc idir iad agus an teanga mar nach bhfeiceann siad í os a gcomhair amach. Braitheann sé go minic ar fheiceálacht na teanga agus cé chomh soiléir is atá sí os a gcomhair amach. Braitheann úsáid na Gaeilge ar stádas teanga agus ar dheiseanna labhartha a bheith ann. Is ceist leathan í sin ar bhealach, a bhaineann leis an tsochaí go ginearálta. Tá The Irish Timescineál éagsúil i gcomparáid leis na meáin eile Ghaeilge, atá ag obair le Gaeilge agus atá léitheoirí, éisteoirí agus lucht féachana acu atá i dtaithí ar an teanga. Cuireann muidne ábhar i láthair do lucht léitheoireachta Béarla agus is lucht léitheoireachta Béarla is mó atá ag The Irish Times, cé go bhfuil Gaeilge ag go leor acu siúd freisin. An rud atá i gceist agam ná gur féidir linne a bheith inár ndroichead agus sin an rud atá ar siúl againn faoi láthair, ar bhealach, ós rud é go bhfuilimid ag cur ábhar Gaeilge os comhair pobal nach nós leo an Ghaeilge a chuardach iad féin. Tá luach ar leith leis sin. Más rud é go bhfuilimid ag caint faoin athbheochan nó treisiú agus láidriú na teanga, ba cheart go mbeadh muid sásta breathnú ar an teanga a chur os comhair daoine nach nós leo í a léamh, a chloisteáil nó a labhairt sa ghnáthshaol, más féidir liom é sin a thabhairt air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.