Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam faoin spreagadh agus faoin tiomantas atá i gceist ar son an dá dhreama inniu. Gabhaim aitheantas chuig Éanna Ó Caollaí fá choinne an tiomantais i The Irish Times. Tá sé le feiceáil tríd an nuachtán gach lá le daoine macasamhail le Frank McNally nuair atá sé ag labhairt faoi rudaí suimiúla amhail Hiberno-English agus an nasc idir an teanga Ghaeilge agus an tSean-Ghaeilge. Bhí alt aige cúpla mí ó shin maidir leis na hainmneacha sa tír agus labhair sé faoi rudaí suimiúla amhail logainmneacha nuair a bhí sé ag labhairt faoin nasc nó faoin gceangal idir an Hiberno-English agus an Ghaeilge. Chomh maith leis sin, tá suim ag an iriseoir Harry McGee. Tá an tiomantas le feiceáil tríd an nuachtán.

Maidir leis an teagmháil, tá deis nó an poitéinseal ann maidir leis an nasc idir na daoine uile, na daoine óga sna meánscoileanna agus na bunscoileanna.

D’éist mé leis na ráitis agus labhair Éanna Ó Caollaí faoi na daoine óga. An bhfuil aon seans nó aon deis ann nasc foirmiúil a chruthú idir an nuachtán agus daoine óga sna meánscoileanna, nó daoine níos aosta sna bunscoileanna, chun iad a spreagadh? B’fhéidir, uair sa mhí, go bhféadfadh siadsan labhairt faoi na rudaí atá siadsan ag obair orthu, cibé cúrsaí polaitíochta nó tíreolaíochta, an stair nó rudaí mar sin.

Tá an tsárobair atá á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon le feiceáil i mo chontae féin. Tá aithne agam ar Mhicheál Ó Fearraigh agus an obair atá déanta aige agus dream eile tríd an tír, ní hamháin i mo chontae féin ach i nGaillimh agus timpeall na tíre. Tá sé sin le feiceáil. Tá níos mó dreamanna deonacha ag lorg cuidiú do rudaí ábhartha ina bparóistí féin, mar stair áitiúil nó an stair atá i gceist leis na logainmneacha sa pharóiste, sa chontae nó sa cheantar. An bhfuil aon chuidiú nó aon phlean ann fá choinne na dreamanna deonacha atá ag lorg cuidiú, tacaíocht nó airgead do leabhair sa pharóiste? Tá níos mó cuidiú ann do na daoine atá ag scríobh na leabhar nó ag obair ar rudaí go pearsanta ach tá níos mó dreamanna i dteagmháil liomsa ag iarraidh tacaíochta do leabhair a chur le chéile sa pharóiste féin nó rudaí mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.