Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Ó am go chéile. Ní thagann an t-uafás ach tagann litreacha isteach ó am go chéile. Ní bheinn in ann a rá cé mhéad a thagann isteach ar bhonn rialta ach bíonn siad ann. Tá pobal léitheoireachta sláintiúil ann a léann "Tuarascáil". Tá a fhios agam é sin. Ar bhealach, tá nósanna ag athrú an t-am ar fad. Bíonn sé de nós ag daoine anois ábhar a roinnt ar na meáin shóisialta mar gur féidir leo aiseolas a fháil níos tapúla, ar an bpointe i ndáiríre, agus gur féidir leo dul i mbun plé faoi pé ábhar atá á phlé san alt, más rud é go bhfuil suim acu ann. Ní thagann an t-uafás litreacha isteach níos mó ach tá mé ag ceapadh go mb'fhéidir go bhfuil sé fíor go ginearálta nach mbíonn an t-uafás daoine ag scríobh níos mó go foirmeálta. Is dóigh gurb é ar na meáin shóisialta is mó a dhéantar an plé sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.