Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí, leis na Seanadóirí agus leis an gCathaoirleach as ucht an deis a thabhairt dom labhairt faoin ábhar tábhachtach seo, léitheoireacht na Gaeilge, inniu. Léifidh mé achoimre ar an aighneacht a chuir mé isteach ag an gcoiste an tseachtain seo caite.

Aithníonn The Irish Timesgur teanga shuaithinseach í an Ghaeilge agus go bhfuil sí lárnach d’fhéiniúlacht mhuintir agus chultúr na hÉireann. Ó na 1950idí i leith, d’fhoilsigh The Irish Timesábhar le cuid de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla dá raibh ann. Orthu siúd bhí Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Breandán Ó hEithir. Cuireann an colúnaí seachtainiúil, an tOllamh Alan Titley, a tháinig roimh an gcoiste seo roinnt seachtainí ó shin, go mór le gradam Gaeilge an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Tá scoth na hiriseoireachta á chleachtadh ag iriseoirí sna meáin Ghaeilge go ginearálta, agus tá lucht féachana, léitheoirí agus lucht éisteachta ar leith acu, a bhformhór atá tugtha don teanga cheana féin.

Maidir leis The Irish Times, feidhmíonn an nuachtán i measc na meán clóbhunaithe Béarla agus is seirbhís ar leith í an tseirbhís i nGaeilge atá á chur ar fáil dá réir. Is féidir leis na meáin Bhéarla a bheith ina ndroichead do dhaoine nach rachadh as a mbealach go minic chun teacht ar ábhar i nGaeilge agus ba cheart aird a thabhairt orthu siúd mar phobal léitheoireachta ar leith. Cuireann The Irish Timesábhar as Gaeilge i láthair phobal léitheoireachta náisiúnta, cé nach gá go mbeadh a bhformhór i dtaithí ar an teanga a léamh, a scríobh, a fheiceáil nó a chloisteáil sa ghnáthshaol. Chuige sin, foilsítear "Tuarascáil", leath-leathanach Gaeilge, gach Luan. Is saothair iriseoireachta agus scríbhneoireacht chruthaitheach is mó a bhíonn i gceist leis agus foilsítear ailt líonmhara agus ilghnéitheacha ann ar gach ábhar.

Cé nach bhfuil fáil ag The Irish Timesar thacaíocht airgid den chineál atá ag na meáin eile Ghaeilge, tá meon agus cultúr iriseoireacht seirbhíse poiblí aige chomh maith. In aighneacht The Irish Timesdon Choimisiún um Thodhchaí na Meán anuraidh, luadh na dúshláin atá roimh earnáil na nuachta. Moladh go gcuimseofaí creat nua maoiniú ar son fostaíochta i réimse na hiriseoireachta. D’fhéadfadh a leithéid leas na Gaeilge a dhéanamh chomh maith.

Más é an cuspóir atá againn sciar níos mó de na daoine a chur ag léamh trí Ghaeilge, is gá ábhar i nGaeilge a chur os comhair an phobail mhóir, rud a dhéanann The Irish Timesle "Tuarascáil", ach tá go leor eile gur féidir a dhéanamh. Cén fáth nach mbeadh sé mar chuspóir ag an Stát go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i mbun iriseoireachta Gaeilge ar bhonn lánaimseartha i ngach nuachtán náisiúnta agus réigiúnach sa tír? Cabhair an-mhór a bheadh ann dá gcuirfí maoiniú ar leith ar fáil chun scéim phleanáilte thraenála agus intéirneachta a chur ar fáil sna meáin Bhéarla do chéimithe óga ar mian leo iriseoireacht a chleachtadh i nGaeilge. Ba cheart oiliúint a bheith ar fáil freisin dóibh siúd atá ag obair sna meáin cheana féin ach ar mian leo dul i mbun eagarthóireachta agus scríbhneoireachta agus a gcuid scileanna cruthaitheacha a fhorbairt.

Ar an mbealach sin freisin, d’fhéadfadh go dtiocfadh feabhas ar chumas na n-eagras nuachta ábhair a bhaineann le saol na Gaeilge a thuairisciú go cuimsitheach agus go feasach, ó imeachtaí Oireachtas na Gaeilge go seisiúin Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Ní hamháin gur aitheantas a bheadh ann ar ghné na seirbhíse poiblí den obair a dhéanann eagras ar nós The Irish Timesach aitheantas a bheadh ann freisin gur gá léitheoirí úra a mhealladh agus go bhfuil pobal eile neamhthraidisiúnta ann ar féidir an léitheoireacht i nGaeilge a chur chun cinn ina measc. Tá guth neamhspleách sainiúil ag The Irish Timesi gcónaí, rud atá mar bhunús le dea-cháil an nuachtáin i sochaí na tíre seo. Tá sé ina phríomhchuspóir ag an nuachtán go leanfar leis an traidisiún láidir neamhspleách sin gan cur isteach ar bith ó aon eagras príobháideach, reiligiúnach, Stáit nó poiblí. Bheadh sé tábhachtach creat neamhspleách a chruthú a chinnteodh neamhspleáchas na hearnála ionas nach mbeadh aon tionchar ag maoiniú poiblí ar an iriseoireacht féin. Is féidir leis an Stát tionchar dearfach a imirt ar bhealach nach gcuirtear isteach nó amach ar neamhspleáchas na meáin ach a chuirfeadh go mór le feiceálacht na Gaeilge sna meáin Bhéarla. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí as ucht éisteacht agus beidh mé sásta ceist ar bith a fhreagairt ar an ábhar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.