Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is féidir leis an gcruinniú seo leanúint ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte ón Teachta Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas. Ní bheidh sé i láthair. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu agus, dar ndóigh, roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Is iad na finnéithe atáim ag cur fáilte rompu inniu ná Val Ballance, ceann an ionaid ealaíon, agus Sarah Bannan, ceann na litríochta, atá anseo mar ionadaithe thar ceann an Chomhairle Ealaíon; agus Éanna Ó Caollaí, iriseoir. Gabhaim buíochas an choiste leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Anois, déanfaimid ár mbreathnú ar an ábhar "Ag Spreagadh Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge".

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a ndéantar é sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá siad ag freastal óna n-oifigí, is gá do chomhaltaí a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir go mbeidh an fhíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán nuair atá siad ag labhairt. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag teacht isteach linn go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn atá sa seomra seo a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuilimid ag caint freisin.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim anois ar an bpríomhfhinné thar ceann an Chomhairle Ealaíon labhairt os comhair an chomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.