Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 31 March 2022

Committee on Public Petitions

Financial Services and Pensions Ombudsman Annual Report and Related Matters: Discussion

Ms MaryRose McGovern:

Ar ábhar na rochtana, ba mhaith liom cúpla focal a rá ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a síníodh le déanaí. Beidh sé de dhualgas orainn go léir súil ghéar a choimeád ar na cuspóirí atá leagtha amach ag an Rialtas san Acht sin agus ar an dul chun cinn gur féidir a bhaint amach maidir le hardchaighdeán seirbhíse poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar is eol don choiste, is teanga oifigiúil Eorpach í an Ghaeilge anois agus ba mhaith liom a dheimhniú anseo, anois láithreach, go gcuirimid fáilte i gcónaí roimh ghearáin trí Ghaeilge. Is an tseirbhís chéanna a chuirimid ar fáil pé teanga atá ag an duine. Tá sí neamhspleách agus neamhchlaon. Idir óg agus aosta, idir Ghaeilge agus Béarla, idir fhir agus mná, neamh-dhénártha nó trasinscneach, is cuma linne. Is an tseirbhís chéanna a chuirimid ar fáil agus beidh fáilte is fichead roimh chách.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.