Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaímid ar fad leis sin. Tá súil againn go bhfuilimid ag teacht tríd an chaos a bhí againn. Is chaos difriúil é atá againn anois. Tá dualgais agus freagrachtaí breise ar gach duine sa saol poiblí de thairbhe an méid atá ag tarlú san Úcráin. Táimid fós, na finnéithe ach go háirithe, ag déileáil le ceisteanna sláinte. Níor chuidigh an t-ionsaí a rinneadh in aghaidh an chórais ríomhaireachta le scéal na Gaeilge ná scéal na sláinte ach oiread. Rinne sé níos deacra iad.

Gabhaim mo bhuíochas agus buíochas an choiste as an gcur chuige ó thaobh na sláinte de. Tá súil agam go mbeimid ag gabháil buíochais leis na finnéithe as an gcur chuige ó thaobh na Gaeilge de amach anseo agus go n-éireoidh níos fearr linn. Tá dul chun cinn á dhéanamh agus déanta agus aithnímid é sin. Críochnóimid an cruinniú le buíochas a ghabháil le Robert Watt, Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte agus le Muiris O'Connor agus Jade Pepper a bhí anseo leis. Gabhaim buíochas freisin le Paul Reid, príomhoifigeach feidhmeannach de chuid FSS, an Dr. Margaret Fitzgerald, Tony Canavan agus Cuimín Mac Aodha Bhuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.