Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar atá a fhios ag na finnéithe, tá cathair na Gaillimhe agus Leitir Ceanainn ina mbailte seirbhíse. Tá sé sin faoi rialachán agus clúdaithe faoi rialachán. Tá An Garda Síochána tar éis polasaí agus straitéis ar son na Gaeilge a fhógairt fá choinne An Gharda Síochána i Leitir Ceanainn. Tá mé ag smaoineamh faoin ngrúpa Saolta, a chlúdaíonn an iarthuaisceart ó Ghaillimh go dtí Tír Chonaill agus Inis Eoghain. An bhfuil nasc idir FSS, Saolta, Roinn na Gaeltachta agus An Garda Síochána faoin nGaeilge a spreagadh? Tá na finnéithe ag labhairt faoin nGaeilge a spreagadh. Tá deis mhór in otharlann na Gaillimhe agus in otharlann Leitir Ceanainn mar tá níos mó daoine lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta amhail Carna nó Gaoth Dobhair agus tá siadsan ag obair san ospidéal. An bhfuil comhrá ann faoi sin? An bhfuil straitéis fhoirmiúil ón dream Saolta fá choinne na Gaeilge a spreagadh in otharlann Leitir Ceanainn agus in otharlann na Gaillimhe?
No comments