Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
An bhfuil duine ar fáil ar an talamh? Is cinnte go bhfuil FSS faoi bhrú leis na seirbhísí éagsúla. Is fíor é sin. Nílim ag caint faoi dhuine ó FSS nó ón Roinn Sláinte amháin ach faoi dhuine ón tseirbhís phoiblí. An bhfuil bearna ann? An bhfuil deis ann? Dúirt an Dr. Fitzgerald go bhfuil 120 ionad i gceist timpeall na tíre. An bhfuil duine amháin de dhíth fá choinne achan ionad? Táim ag caint faoi dhuine ón HSE gur féidir leis nó léi teagmháil a dhéanamh leis an Department of Social Protection nó an Roinn Oideachais fá choinne leanaí? An bhfuil bearna ann? An bhfuil duine ar fáil fá choinne sin? Táim ag smaoineamh faoin 13 duine san óstán-----
No comments