Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Tá ceisteanna eile agam mar gheall ar an dara cuid den ábhar a bhí á dhéanamh againn inniu agus is é sin na teangacha ina láithríonn FSS agus an Roinn a gcuid seirbhísí don phobal. Tá a fhios agam go raibh a lán stró ar dhaoine faoin todhchaí agus go bhfuil aitheantas ann anois go mba chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil ar gach uile leibhéal do Ghaeilgeoirí agus, go háirithe, do pháistí le Gaeilge lena leithéidí de sheirbhísí mar theiripe teanga.

Fuair mé litir ó bhean inniu a bhí ag iarraidh an cárta leighis a bhí aici a fháil as Gaeilge. Chuir sí iarratas isteach i mí na Samhna anuraidh agus chuir sí an t-eolas isteach trí huaire as Gaeilge agus níl cárta leighis nua fós eisithe chuici. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna ann ach nuair a chloistear rudaí mar sin, cuireann sé sin stró ar dhaoine agus casann siad ar an mBéarla. Ní cóir go mbeadh ar aon saoránach casadh ar theanga den dá theanga oifigiúla nach bhfuil siad sásta léi agus, go háirithe, más í an teanga náisiúnta, an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an córas in ann déileáil leo as Gaeilge chomh tapa agus is féidir nó níos tapúla i gcás na Gaeilge toisc gurb í an teanga náisiúnta. Cad é an t-athrú nó an bealach atá ag an dá dhream atá os comhair an chomhchoiste inniu chun tabhairt faoi na seirbhísí seo agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil siad ar fáil as sa bhliain atá romhainn agus amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.