Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Bhí an cheist sin dírithe ar na finnéithe eile freisin. Tá an cheist seo faoin gcaiteachas a tháinig feabhas air, idir na figiúirí a léigh mé amach ó Mhárta agus Mheán Fómhair 2020, agus le linn na paindéime ina dhiaidh sin, suas go dtí anois. An bhfuil fás tar éis teacht ar an méid airgid atá á chaitheamh ó thaobh fógraíochta as Gaeilge de agus an bhfuil níos mó ann ná mar a bhí? Bhí sé tubaisteach ag tús na tréimhse sin. Bhí gach duine faoi bhrú ach, fós féin, tá pobal ann le Gaeilge, cibé gurbh í an chéad teanga atá acu nó go bhfuil siad á foghlaim, agus tá sé de cheart acu fógraí a fheiceáil ina dteanga féin, go háirithe nuair atá na húdaráis sláinte ag brú nó ag impí ar pháistí nó ar chlanna nithe a dhéanamh. Mura bhfeiceann siad go bhfuil sé sin ag teacht ón Stát sa teanga is dual dóibh, uaireanta cuidíonn sé sin chun iad a scaradh amach ón gcóras Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.