Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táimid ag díriú ar ghrúpaí nach raibh éileamh uathu ar an vacsaín. Tuigim ó na finnéithe go raibh FSS dírithe ach go háirithe ar ghrúpaí nár theastaigh uathu an vacsaín a ghlacadh. Ba cheann de na grúpaí sin na mná a bhí ag iompar clainne. Shamhlóinn go mbeadh an céatadán céanna Gaeilgeoirí i measc ban atá ag iompar clainne agus atá ann i measc an phobail i gcoitinne. Mar sin, dá mba rud go raibh FSS ag díriú ar dhaoine nach raibh éileamh uathu, shamhlóinn go mbeadh ábhair curtha ar fáil sna teangacha atá oiriúnach dóibh. An ndearna FSS aon video i gcomhair an phobail a bhí ag iompar clainne? An ndearnadh é sin as Gaolainn nó as Béarla?
No comments