Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tuigim go raibh na figiúirí ag rá nach raibh éileamh ó ghrúpaí ar leith. Luaigh an Dr. Fitzgerald cuid de na grúpaí sin, mná a bhí ag iompar clainne ina measc. Díreoimid isteach air sin. An ndearna FSS video don ghrúpa sin ach go háirithe? Tuigim ó na figiúirí go raibh easpa éilimh i measc ban a bhí ag iompar clainne. Más rud é go ndearna, cén teanga ina ndearnadh é sin? Cén saghas figiúirí a bhí ann i gcomhair an ghrúpa sin i gcomparáid leis na grúpaí eile, an pobal Polannach nó an pobal Rúiseach mar shampla?
No comments