Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhísí Sláinte: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaimid ar aghaidh anois go dtí 6 p.m., más gá, agus tá súil agam nach mbeidh gá. Fearaim fáilte roimh na comhaltaí ón gcomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú seo ar líne nach bhfuil sa seomra faoi láthair, roimh an lucht féachana agus, go háirithe, roimh na finnéithe atá os ár gcomhair. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Daly nach féidir leis a bheith linn inniu. Fearaim fáilte go sonrach roimh na finnéithe atá linn mar ionadaithe thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS: Paul Reid, príomhoifigeach feidhmiúcháin; an Dr. Margaret Fitzgerald, ceannasaí náisiúnta sláinte poiblí agus cuimsiú sóisialta; Tony Canavan, príomhfheidhmeannach grúpa, an Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte Saolta; agus Cuimín Mac Aodha Bhuí, ceannasaí na seirbhíse Gaeilge. Chomh maith leo siúd inniu tá Robert Watt, Ard-Rúnaí; Muiris O'Connor, rúnaí cúnta; agus Jade Pepper, oifigeach Gaeilge i láthair mar ionadaithe thar ceann na Roinne Sláinte. Ar líne, tá Mark Brennock, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide de chuid FSS linn chomh maith céanna. Gabhaim mo bhuíochas leo go léir arís as a bheith anseo.

Ba mhaith liom a chur ar an taifead freisin go bhfuil na finnéithe go léir eile, seachas Mark Brennock, ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá comhaltaí an chomhchoiste seo a leanas ar líne linn go fóill: na Teachtaí Ó Muimhneacháin agus Calleary, agus an Seanadóir Kyne. Aithneoimid na daoine eile nuair a thiocfaidh siad isteach ar líne. Táimid ag déanamh breathnú ar an dá ábhar seo a leanas ar an gcruinniú seo: na físeáin nua atá curtha ar fáil ag FSS chun mná torracha a spreagadh chun an vacsaín i gcomhair an coróinvíreas a fháil, físeáin atá ar fáil in a lán teangacha eile ach nach bhfuil ar fáil as Gaeilge, príomhtheanga na hÉireann; agus na teangacha éagsúla ina sholáthraíonn nó ina bhfógraíonn FSS agus an Roinn Sláinte a gcuid seirbhísí don phobal.

Sula dtosóimid an cruinniú i gceart, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoin bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo: meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chórais chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéanfar seo. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Le linn do chomhaltaí a bheith ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir agus a bheith le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo leis na finnéithe atá ag freastal go fíorúil chomh maith. Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint ar an gcomhchoiste agus cloí leis sin.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu a dhéanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na hábhair nó leis na himeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh finnéithe leis an ordú sin chomh láithreach is a eisítear é.

Déanfaimid breathnú anois ar ábhair an chruinnithe inniu. Aithním go bhfuil an Seanadóir Ward tagtha isteach ar líne ansin. Iarraim ar phríomhoifigeach feidhmiúcháin de chuid FSS labhairt os comhair an chruinnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.