Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceisteanna eile agam ach níl mé chun iad a chur inniu. Tá a lán ceisteanna agam faoi na cúirteanna agus na comhlachtaí eile. B'fhéidir go dtabharfaimid cuireadh ar ais don Aire am éigin amach anseo. Labhróidh muid leis na cúirteanna iad féin maidir leis an nGaeilge agus an tslí ina ndearna siad dul chun cinn, chomh maith leis an Probation Service agus a leithéid, agus fiú lucht na bpríosún, maidir leis na fadhbanna atá acu ó thaobh na Gaeilge de. Tá a lán fadhbanna eile acu de bharr an oiread teangacha gur gá a bheith sna príosúin ach uaireanta bíonn fadhbanna ann ó thaobh na Gaeilge de, toisc nach bhfuil an tseirbhís ar fáil. Tá sé i gceist againn tochailt nó iniúchadh a dhéanamh ar na fadhbanna i gcoitinne. Tá sé go maith gur thug an tAire aitheantas sa mhéid a dúirt sí níos luaithe don ról gur gá don Roinn a imirt, fiú leis na heagrais siúd atá neamhspleách ón Roinn.

Sin deireadh leis an seisiún seo. Gabhaim buíochas leo siúd ar fad a ghlac páirt sa chruinniú inniu, agus na finnéithe go háirithe: an tAire Dlí agus Cirt, chomh maith le Donncha O'Sullivan, Mary McKenna agus Micheál Ó Cearúil, a bhí mar ionadaithe thar ceann na Roinne. Níl aon ghnó eile ar an liosta inniu so leis sin cuirfimid clabhsúr leis seo agus tiocfaimid ar ais le chéile arís níos déanaí um thráthnóna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.