Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cad faoi dhaoine atá Gaeilge den scoth acu agus nach bhfuil an Béarla acu chomh maith céanna? Níl an oiread sin daoine mar sin ann ach fiú i mo chás féin, agus mé tógtha sa chathair, bhí an Ghaeilge i bhfad Éireann níos fearr agamsa ag leibhéal na hardteistiméireachta ná mar a bhí an Béarla. Tá a lán daoine a théann trí scolaíocht lán-Ghaeilge agus tá buntáiste acu ó thaobh na Gaeilge de. An chéad uair a bhíonn orthu casadh ar an mBéarla ná nuair a théann siad ar ollscoil, nó sa chás seo, nuair a dhéanann siad iarratas ar An nGarda Síochána. An bhfuil sé sásúil go mbeadh an Ghaeilge acu amháin? B’fhéidir go bhfuil teanga éigin eile acu ach d’fhéadfaí go bhfuil Fraincis níos fearr ná Béarla acu.
No comments