Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
As an 132 eile a bhí san fheachtas dheireanach, cé mhéad a d’éirigh leo a bheith earcaithe isteach sa Gharda Síochána? As 5,000 iarratas, rinne 132 iarratas ar leith don sruth Gaeilge. Luaigh mé é seo an uair dheireanach a bhí An Garda Síochána os ár gcomhair. Bíonn daoine ann le Gaeilge nach gcuireann isteach ar an sruth Gaeilge mar nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith istigh sa bhosca “Gaeilgeoir”. As an 132 sin, cé mhéad a bhí earcaithe? B’fhéidir go raibh 132 istigh ar an gcomórtas agus nach bhfuair aon duine acu post.
No comments