Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is féidir linn é sin a lorg ón nGarda Síochána. Tá an t-ardú i líon na nGaeilgeoirí atá ag déanamh iarratais ar an gcomórtas chun bheith sa Gharda Síochána dearfach. Go bhfóire Dia orainn má dhéanann aon iarrthóir leath-bhréag maidir leis an inniúlacht atá acu. Cén tús é sin lena saol mar gharda má tá siad ag insint bhréige nó leath-bhréag ar an iarratas? Tá sé go maith go bhfuil ardú ann. Bhí 2.64% Gaeilgeoir ann an uair dheireanach agus 4.66% an uair seo. Tá sé an-íseal fós agus toisc gur comórtas oscailte atá ann, níl aon gheallúint fiú go mbeidh an céatadán sin ar fad ann. B’fhéidir go bhfuil sé seo déanta anois ach nuair a labhair muid leis an nGarda Síochána tamall ó shin, measaim roimh an Nollaig, níor rith sé leo feachtas earcaíochta dírithe ar Ghaelcholáistí a reáchtáil. Dúirt siad go raibh siad chun é a dhéanamh. Toisc go bhfuil sé i gceist go mbeidh Gaeilge ag 20% dóibh siúd atá earcaithe roimh 2030, an bhfuil sé i gceist comórtas earcaíochta ar leith a rith do Ghaeilgeoirí amach anseo, chun déanamh cinnte de go mbeidh slám mór Gaeilgeoirí ag teacht isteach sa Gharda Síochána? Fiú leis an ardú, ní fheicim conas gur féidir an figiúr sin a shroicheadh gan céim ar leith a thógáil. An bhfuil aon tuairimí eile ag an Aire conas an 20% sin a shroicheadh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.