Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Rachaidh mé ar ais go dtí ceist a raibh an Teachta Ó Muimhneachán ag triail freagra cruinn a fháil uirthi. Níor chuala mé é ag fáil a leithéid so níl freagra againn go fóill. Is ceann de na fáthanna a bhfuil an tAire os ár gcomhair é sin. Bhí muid ag iarraidh a fháil amach cé go díreach a dhein an moladh go bhfaighfí réidh leis an gcoinníoll a bhí ann. Tá sé tarlaithe agus níl muid ag dul ar ais air ach dúirt An Garda Síochána linn nár lorg sé aon athrú ar an gcaighdeán. Dúirt an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí linn nár lorg í é. Dúirt an tÚdarás Póilíneachta an rud céanna. Ní raibh aon mhiontuairiscí de na cruinnithe ar fáil dúinn so fós níl a fhios againn cén duine nó eagras as siúd a bhí ag déanamh cainte faoi athruithe sa Gharda Síochána a lorg athrú ó thaobh stádas na Gaeilge de ná athruithe eile ag an gcéim seo. An ón Roinn féin a tháinig an cinneadh? Measaim go raibh an Garda Representative Association agus an Association of Garda Sergeants and Inspectors páirteach sna comhráite freisin. B'fhéidir go raibh daoine eile páirteach ann ach ní raibh aon duine sásta a rá gur lorg siadsan an t-athrú agus an fáth gur lorg siad é agus an fhianaise ar a mbunaíodh an cinneadh seo a thabhairt dúinn. Is é sin an príomhrud nach raibh ar fáil dúinn go dtí seo. Luaigh an tAire an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn. Níor luaigh aon duine go raibh fianaise nó eolas i dtuarascáil an choimisiúin maidir le haon bhac ar dhaoine dul isteach sa Gharda Síochána nó meon daoine faoi na harduithe céime seo. Is ceist eile é sin. Tá dhá cheist eile agam ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.