Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an rud atá á rá ná nach bhfuil aon tástáil ar leith agus nach bhfuil aon chaighdeán ar leith riachtanach seachas gur gá d'iarrthóirí léiriú gur féidir leo Gaeilge a labhairt, agus is féidir leo teacht isteach le freagraí a d'ullmhaigh siad roimh ré. Nuair a bhí muid ag déileáil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, bhí a lán caint ann faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, leibhéal B1 agus leibhéal B2. Dúradh linn go raibh tástáil aitheanta ar leith á chur chun cinn ag Ollscoil Mhá Nuad maidir leis an leibhéal áirithe seo. Níl ardteistiméireacht, teastas sóisearach nó tástáil aitheanta ó thaobh na Gaeilge de i gceist anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.