Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin. Ní fheicim aon duine eile atá ag lorg ceist a chur. Tá ceist agam a n-éiríonn ón méid a luaigh an Seanadóir ansin. Tá sé á rá go bhfuil leibhéal an-ard acu siúd atá tar éis teacht isteach ar an stream Gaeilge seo ach nach iad sin na daoine atá ag lorg ardaithe chéime go dtí sáirsint. Is iad chuile bhall eile den Gharda Síochána nár tháinig isteach ar an stream áirithe seo atá ag lorg an ardaithe chéime sin. Go dtí seo, bhí ar iarrthóirí pas a fháil i dtástáil inniúlachta. Bhí scrúdú ar leith i gceist seachas a bheith ar dhaoine freastal ar ranganna nó léachtaí amháin. Go bhfios dom, is é sin atá i gceist leis an gclár BA i bpóilíneacht fheidhmeach. Níl scrúdú ar leith i gceist. Fiú tar éis na bhfadhbanna a bhí ann go dtí seo, níl aon tástáil ar leith bainteach leis an gclár BA i bpóilíneacht fheidhmeach atá i gceist anois. Is leor freastal ar na ranganna nó an modúl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.